1. Maidir le maoirseoirí airgeadais, FIUnna, agus údaráis atá inniúil ar mhaoirseacht a dhéanamh ar institiúidí creidmheasa nó institiúidí airgeadais faoi ghníomhartha dlí eile de chuid an Aontais, áiritheoidh na Ballstáit go n-oibreoidh siad i ndlúthchomhar le chéile laistigh dá n-inniúlachtaí faoi seach agus go soláthróidh siad faisnéis dá chéile a bheidh ábhartha chun a gcúraimí faoi seach a chomhlíonadh. Ní chuirfidh an comhar agus an malartú faisnéise sin isteach ar aon fhiosrúchán, anailísiú de chuid FIU, imscrúdú nó imeachtaí atá ar siúl i gcomhréir le dlí coiriúil nó riaracháin an Bhallstáit ina bhfuil an maoirseoir airgeadais nó an t-údarás airgeadais lonnaithe ar cuireadh inniúlachtaí de chúram orthu maoirseacht a dhéanamh ar institiúidí creidmheasa nó institiúidí airgeadais faoi ghníomhartha dlí eile, agus ní dhéanfaidh siad difear do cheanglais rúndachta gairmiúla dá bhforáiltear in Airteagal 67(1).