|
+Airteagal 26 7. |
Airteagal 26 7.Ar a laghad, déanfar na beartais inmheánacha rialaithe cáilíochta agus na nósanna imeachta inmheánacha rialaithe cáilíochta seo a leanas de chuid an iniúchóra reachtúil nó an ghnólachta iniúchóireachta a athbhreithniú:
(a)
go ndéanann an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta caighdeáin infheidhme maidir le hiniúchóireacht agus rialú cáilíochta a chomhlíonadh mar aon le ceanglais maidir le heitic agus le neamhspleáchas, lena n-áirítear na caighdeáin agus na ceanglais sin a leagtar amach i gCaibidil IV de Threoir 2006/43/CE agus in Airteagal 4 agus in Airteagal 5 den Rialachán seo, chomh maith le dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin ábhartha de chuid an Bhallstáit lena mbaineann;
(b)
cainníocht agus cáilíocht na n-acmhainní a úsáidtear, lena n-áirítear comhlíonadh ceanglas maidir le hoideachas de réir mar a leagtar amach in Airteagal 13 de Threoir 2006/43/CE;
(c)
comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 4 den Rialachán seo i ndáil leis na táillí iniúchóireachta a ghearrfar. Chun críocha na tástála ar chomhlíonadh, déanfar comhaid iniúchóireachta a roghnú ar bhonn anailíse ar an riosca gur mainníodh an iniúchóireacht reachtúil a chur i gcrích ar shlí neamhdhóthanach. Déanfaidh údaráis inniúla athbhreithniú go tréimhsiúil freisin ar na modheolaíochtaí arna n-úsáid ag iniúchóirí reachtúla agus ag gnólachtaí iniúchóireachta chun iniúchóireacht reachtúil a chur i gcrích. Le cois na cigireachta a chumhdaítear sa chéad fhomhír, beidh sé de chumhacht ag údaráis inniúla cigireachtaí eile a chur i gcrích freisin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|