+Airteagal 2 4.

Airteagal 2 4.

Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 30 chun leasú a dhéanamh ar an liosta a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo.

Chuige sin agus sula nglacfaidh sé gníomhartha reachtacha den sórt sin, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfar measúnú ar an gcóir idirnáisiúnta a chuirtear ar bhainc cheannais agus ar chomhlachtaí poiblí a bhfuil sé de chúram orthu an fiachas poiblí a bhainistiú nó páirt a bheith acu sa bhainistiú sin.

Sa tuarascáil sin beidh anailís chomparáideach ar an gcóir a chuirtear ar bhainc cheannais agus ar na comhlachtaí sin i gcreat dlíthiúil roinnt tríú tíortha. Ar choinníoll go dtagtar ar an tátal sa tuarascáil, go háirithe i ndáil leis an anailís chomparáideach agus leis na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ann, go bhfuil sé riachtanach freagrachtaí airgeadaíochta na mbanc ceannais agus na gcomhlachtaí sin ó thríú tíortha a dhíolmhú ó Airteagal 15, déanfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh chun iad a chur leis an liosta a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas