+Airteagal 24 1
|
Airteagal 24 1
1. De mhaolú ar an gcéad abairt d’Airteagal 23(2) agus ó phointe (a) d’Airteagal 23(6), déanfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a chuireann bainistíocht punainne aonair iasachtaí ar fáil bileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí ar leibhéal an ardáin a dhréachtú i gcomhréir leis an Airteagal seo, agus a chur ar fáil d’infheisteoirí ionchasacha ina mbeidh an fhaisnéis uile seo a leanas:
|
(a)
|
an fhaisnéis a sholáthraítear i gCodanna H agus I d’Iarscríbhinn I;
|
|
(b)
|
faisnéis faoi na daoine nádúrtha nó dlítheanacha atá freagrach as an bhfaisnéis a sholáthraítear sa bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí; i gcás daoine nádúrtha, lena n-áirítear comhaltaí de chomhlachtaí riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin, ainm agus feidhm an duine nádúrtha; i gcás daoine dlítheanacha, an t-ainm agus an oifig chláraithe;
|
|
(c)
|
an ráiteas freagrachta seo a leanas:
“Dearbhaíonn an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin, chomh fada agus is eol dó, nár fágadh aon fhaisnéis ar lár nó nach bhfuil an fhaisnéis atá ann míthreorach ná míchruinn ar bhealach ábhartha. Tá an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin freagrach as an mbileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí sin a chur i dtoll a chéile.”.
|
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|