+TEIDEAL V LEASUITHE AR THREORACHA EILE
---+Airteagal 28 Leasú ar Threoir 2009/65/CE
---+Airteagal 29 Leasú ar Threoir 2014/59/AE

TEIDEAL V LEASUITHE AR THREORACHA EILE

TEIDEAL V LEASUITHE AR THREORACHA EILE

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 28 Leasú ar Threoir 2009/65/CE

Airteagal 28

Leasú ar Threoir 2009/65/CE

Leasaítear Airteagal 52(4) de Threoir 2009/65/CE mar a leanas:

(1) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“4. 

Féadfaidh Ballstáit an teorainn 5 % a leagtar síos sa chéad fhomhír de mhír 1 a ardú go dtí uasmhéid 25 % i gcás ina mbeidh na bannaí eisithe roimh an 8 Iúil 2022 agus i gcás ina gcomhlíonann na bannaí sin na ceanglais a leagtar amach sa mhír seo de réir mar is infheidhme ar dháta a n‐eisiúna, nó i gcás ina dtagann na bannaí faoin sainmhíniú ar bhannaí faoi chumhdach i bpointe (1) d’Airteagal 3 de Threoir (AE) 2019/2162 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *1 ).

(2) 

scriostar an tríú fomhír.

Airteagal 29 Leasú ar Threoir 2014/59/AE

Airteagal 29

Leasú ar Threoir 2014/59/AE

In Airteagal 2(1) de Threoir 2014/59/AE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 96:

“(96) 

ciallaíonn ‘banna faoi chumhdach’ banna faoi chumhdach faoi mar a shainmhínítear é in Airteagal 3 de Threoir (AE) 2019/2162 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *2 )nó, i dtaca le ionstraim arna heisiúint roimh an 8 Iúil 2022, banna dá dtagraítear in Airteagal 52(4) de Threoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *3 ), de réir mar is infheidhme ar an dáta a eisítear é;

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas