+Airteagal 5 Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirligh an BERS
---+Airteagal 5 1.
---+Airteagal 5 2.
---+Airteagal 5 3.
---+Airteagal 5 4.
---+Airteagal 5 5.
---+Airteagal 5 6.
---+Airteagal 5 7.
---+Airteagal 5 8.

Airteagal 5 Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirligh an BERS

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 5 1.
Déanfaidh Uachtarán BCE cathaoirleacht ar BERS.
Airteagal 5 2.
Is iad comhaltaí náisiúnta an Bhoird Ghinearálta ag a bhfuil cearta vótála a thoghfaidh an chéad Leas-Chathaoirleach as a gcomhaltaí féin le haghaidh téarma cúig bliana, ag féachaint don ghá le hionadaíocht chothromúil ar na Ballstáit idir na Ballstáit ar Ballstáit rannpháirteacha iad mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle ( 3 ) agus iad siúd nach Ballstáit rannpháirteacha iad. Féadfar an chéad Leas-Chathaoirleach a atoghadh uair amháin.
Airteagal 5 3.
Is é a bheidh sa dara Leas-Chathaoirleach ná Cathaoirleach an Chomhchoiste, arna cheapadh de bhun Airteagal 55(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 5 4.
Cuirfidh an Cathaoirleach agus na Leas-Chathaoirligh in iúl do Pharlaimint na hEorpa, le linn éisteachta poiblí, conas a bheartaíonn siad a gcuid dualgas a chomhall faoin Rialachán seo.
Airteagal 5 5.
Beidh an Cathaoirleach i gceannas ag cruinnithe an Bhoird Ghinearálta agus an Choiste Stiúrtha.
Airteagal 5 6.
Beidh na Leas-Chathaoirligh, in ord tosaíochta, i gceannas ag cruinnithe an Bhoird Ghinearálta agus/nó an Choiste Stiúrtha nuair nach bhfuil an Cathaoirleach in ann páirt a ghlacadh iontu.
Airteagal 5 7.
Má chríochnaíonn téarma oifige comhalta de Bhord Ginearálta an BCE a toghadh mar Chéad Leas-Chathaoirleach roimh dheireadh an téarma cúig bliana, nó más rud é, ar aon chúis, nach féidir leis an gCéad Leas-Chathaoirleach a dhualgais a chomhall, toghfar Chéad Leas-Chathaoirleach nua i gcomhréir le mír 2.
Airteagal 5 8.
Déanfaidh an Cathaoirleach ionadaíocht sheachtrach ar BERS. Féadfaidh an Cathaoirleach cúraimí a tharmligean, amhail cúraimí a bhaineann le hionadaíocht sheachtrach ar BERS, lena n-áirítear an clár oibre a chur i láthair, don chéad Leas-Chathaoirleach, nó mura bhfuil an chéad Leas-Chathaoirleach ar fáil agus i gcás inarb iomchuí, don dara Leas-Chathaoirleach nó do cheann na Rúnaíochta. Ní fhéadfar cúraimí a bhaineann le cuntasacht BERS agus oibleagáidí BERS maidir le tuairisciú, a leagtar amach in Airteagal 19(1), (4) agus (5) a tharmligean.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas