+Airteagal 16 Rabhaidh agus moltaí
---+Airteagal 16 1.
---+Airteagal 16 2.
---+Airteagal 16 3.
---+Airteagal 16 4.

Airteagal 16 Rabhaidh agus moltaí

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 16 1.
Nuair a shainaithnítear rioscaí suntasacha maidir le baint amach an chuspóra in Airteagal 3(1), tabharfaidh an BERS rabhaidh agus, i gcás inarb iomchuí, eiseoidh sé moltaí le haghaidh gníomhaíochta feabhais, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, moltaí le haghaidh tionscnamh reachtach.
Airteagal 16 2.
Maidir le rabhaidh nó moltaí arna n-eisiúint ag BERS i gcomhréir le pointí (c) agus (d) d’Airteagal 3(2) den Rialachán seo, féadfaidh siad a bheith de chineál ginearálta nó de chineál sonrach agus díreofar iad, go háirithe, chuig an Aontas nó chuig Ballstát amháin nó níos mó, nó chuig ÚME amháin nó níos mó, nó chuig údarás maoirseachta náisiúnta amháin nó níos mó, nó chuig údarás náisiúnta amháin nó níos mó atá ainmnithe chun bearta a chur chun feidhme a bhfuil sé d’aidhm acu aghaidh a thabhairt ar riosca sistéamach nó riosca ar an macraileibhéal, nó chuig BCE i gcás na gcúraimí a tugadh do BCE i gcomhréir le hAirteagail 4(1), 4(2) agus 5(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013, chuig údaráis náisiúnta réitigh atá ainmnithe ag Ballstáit de bhun Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 11 ) nó chuig an mBord Réitigh Aonair. Más rud é go mbeidh rabhadh nó moladh dírithe chuig ceann amháin nó níos mó de na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta, cuirfear an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann ar an eolas maidir leis freisin. Áireofar sna moltaí amlíne shonraithe le haghaidh na freagartha beartais. Féadfar moltaí a dhíriú freisin chuig an gCoimisiún i ndáil le reachtaíocht ábhartha an Aontais.
Airteagal 16 3.
An tráth chéanna a dhéanfar na rabhaidh agus na moltaí a tharchur chuig na seolaithe i gcomhréir le mír 2, déanfar iad a tharchur freisin, i gcomhréir le rialacha dochta rúndachta, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na ÚMEnna. Nuair a bheidh rabhaidh nó moltaí rúnda nó neamhphoiblí á dtarchur, ceanglóidh an Bord Ginearálta, i gcás inarb iomchuí, go dtabharfar comhaontú i gcrích chun rúndacht a áirithiú.
Airteagal 16 4.

Chun feabhas a chur ar an bhfeasacht faoi rioscaí i ngeilleagar an Aontais agus chun na rioscaí sin a chur in ord tosaíochta, déanfaidh an BERS, i ndlúthchomhar leis na páirtithe eile sa CEMA, córas dathchódaithe a leagan amach a comhfhreagróidh do staideanna ina bhfuil leibhéil éagsúla riosca ann.

Nuair a bheidh critéir an aicmiúcháin sin leagtha amach, léireoidh rabhaidh an BERS agus a mholtaí, ar bhonn gach cáis ar leith, agus i gcás inarb iomchuí, cén chatagóir a mbaineann an riosca léi.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas