Maidir le rabhaidh nó moltaí arna n-eisiúint ag BERS i gcomhréir le pointí (c) agus (d) d’Airteagal 3(2) den Rialachán seo, féadfaidh siad a bheith de chineál ginearálta nó de chineál sonrach agus díreofar iad, go háirithe, chuig an Aontas nó chuig Ballstát amháin nó níos mó, nó chuig ÚME amháin nó níos mó, nó chuig údarás maoirseachta náisiúnta amháin nó níos mó, nó chuig údarás náisiúnta amháin nó níos mó atá ainmnithe chun bearta a chur chun feidhme a bhfuil sé d’aidhm acu aghaidh a thabhairt ar riosca sistéamach nó riosca ar an macraileibhéal, nó chuig BCE i gcás na gcúraimí a tugadh do BCE i gcomhréir le hAirteagail 4(1), 4(2) agus 5(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013, chuig údaráis náisiúnta réitigh atá ainmnithe ag Ballstáit de bhun Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
11
) nó chuig an mBord Réitigh Aonair. Más rud é go mbeidh rabhadh nó moladh dírithe chuig ceann amháin nó níos mó de na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta, cuirfear an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann ar an eolas maidir leis freisin. Áireofar sna moltaí amlíne shonraithe le haghaidh na freagartha beartais. Féadfar moltaí a dhíriú freisin chuig an gCoimisiún i ndáil le reachtaíocht ábhartha an Aontais.