+Airteagal 14 1

Airteagal 14 1

1.   Déanfaidh ESMA clár a bhunú agus a chothabháil ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas:

(a)

céannacht na soláthraithe rátála ESG a údaraítear de bhun Airteagal 8 nó a chláraítear faoin gcóras sealadach le haghaidh soláthraithe rátála ESG beaga de bhun Airteagal 5(1);

(b)

céannacht na soláthraithe rátála ESG atá bunaithe lasmuigh den Aontas a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 10 agus na n-údarás inniúil tríú tír atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na soláthraithe rátála ESG sin;

(c)

céannacht na soláthraithe rátála ESG formhuiniúcháin agus na soláthraithe rátála ESG formhuinithe atá bunaithe lasmuigh den Aontas dá dtagraítear in Airteagal 11, agus, i gcás inarb infheidhme, na n-údarás inniúil tríú tír atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na soláthraithe rátála ESG formhuinithe;

(d)

céannacht na soláthraithe rátála ESGatá bunaithe lasmuigh den Aontas a aithníodh i gcomhréir le hAirteagal 12, na n-ionadaithe dlíthiúla atá bunaithe san Aontas de chuid na soláthraithe rátála ESG sin agus, i gcás inarb infheidhme, na n-údarás inniúil tríú tír atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na soláthraithe rátála ESG sin.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas