4. Maidir le scairshealbhóir nó comhalta de sholáthraí rátála ESG a imríonn tionchar suntasach de réir bhrí Airteagal 2, pointe (13), an dara habairt, de Threoir 2013/34/AE ar an soláthraí rátála ESG sin, nó ar ghnóthas a bhfuil an chumhacht aige rialú nó tionchar ceannasach a fheidhmiú ar an soláthraí rátála ESG sin, beidh toirmeasc air aon cheann de na nithe seo a leanas a dhéanamh:
|
(a)
|
tionchar suntasach a imirt ar aon soláthraí rátála ESG eile;
|
|
(b)
|
an ceart nó an chumhacht a bheith aige comhaltaí de bhord riaracháin nó maoirseachta aon soláthraí rátála ESG eile a cheapadh ná a bhriseadh as a bpost;
|
|
(c)
|
a bheith ina chomhalta de bhord riaracháin nó maoirseachta aon soláthraí rátála ESG eile.
|
Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír den mhír seo maidir le hinfheistíochtaí i soláthraithe rátála ESG eile ar leis an ngrúpa céanna soláthraithe rátála ESG iad ná maidir le hinfheistíochtaí i soláthraithe rátála ESG ar micreaghnóthais nó gnóthais bheaga iad de réir na gcritéar a leagtar síos in Airteagal 3(1) agus Airteagal 3(2), an chéad fhomhír, faoi seach, de Threoir 2013/34/AE.