+Airteagal 32 3

Airteagal 32 3

3.   Nuair a éilítear faisnéis a sholáthar le cinneadh faoi mhír 1 den Airteagal seo, déanfaidh ESMA an méid seo a leanas:

(a)

déanfaidh sé tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí don iarratas;

(b)

luafaidh sé cuspóir na hiarrata;

(c)

sonróidh sé an fhaisnéis a éilítear;

(d)

socróidh sé teorainn ama réasúnach ar laistigh di nach mór an fhaisnéis a sholáthar agus an fhormáid ina mbeidh an fhaisnéis arna hiarraidh le soláthar;

(e)

sonróidh sé na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá ndéantar foráil in Airteagal 37 i gcás nach gcuirtear isteach an fhaisnéis arna hiarraidh laistigh den teorainn ama shocraithe nó ina bhfuil sí neamhiomlán;

(f)

sonróidh sé na fíneálacha dá ndéantar foráil in Airteagal 36 i gcás ina bhfuil an fhaisnéis a soláthraíodh mícheart nó míthreorach;

(g)

sonróidh sé an ceart chun achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh os comhair an Bhoird Achomhairc i gcomhréir le hAirteagal 60 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 agus an ceart chun an cinneadh a chur faoi athbhreithniú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 61 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas