+Airteagal 37 Íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla
---+Airteagal 37 1
---+Airteagal 37 2
---+Airteagal 37 3
---+Airteagal 37 4

Airteagal 37 Íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 37 1

1.   Déanfaidh ESMA, trí chinneadh, íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur chun iallach a chur:

(a)

ar sholáthraí rátála ESG deireadh a chur le sárú i gcomhréir le cinneadh arna dhéanamh de bhun Airteagal 35(1), pointe (c);

(b)

ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 32(1):

(i)

chun faisnéis iomlán a sholáthar a iarradh le cinneadh a rinneadh de bhun Airteagal 32(3);

(ii)

chun géilleadh d’imscrúdú agus go háirithe taifid, sonraí, nósanna imeachta iomlána nó aon ábhar eile is gá a thabhairt ar aird, agus aon fhaisnéis eile a sholáthraítear in imscrúdú arna sheoladh ag cinneadh arna dhéanamh de bhun Airteagal 33(3) a iomlánú agus a cheartú;

(iii)

chun géilleadh do chigireacht ar an láthair arna hordú le cinneadh a rinneadh de bhun Airteagal 34(4).

Airteagal 37 2

2.   Beidh íocaíocht phionósach thréimhsiúil éifeachtach agus comhréireach. Forchuirfidh ESMA an íocaíocht phionósach thréimhsiúil ar bhonn laethúil go dtí go gcomhlíonfaidh an soláthraí rátála ESG nó an duine lena mbaineann an cinneadh ábhartha dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 37 3

3.   D’ainneoin mhír 2, is é a bheidh i méid na n-íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla, 3 % den mheánláimhdeachas laethúil sa bhliain ghnó roimhe sin nó, i gcás daoine nádúrtha, 2 % den mheánioncam laethúil sa bhliain féilire roimhe sin. Déanfar é a ríomh ón dáta a shonraítear sa chinneadh lena bhforchuirtear an íocaíocht phionósach thréimhsiúil.

Airteagal 37 4

4.   Déanfar íocaíocht phionósach thréimhsiúil a fhorchur ar feadh uastréimhse 6 mhí tar éis an fógra faoi chinneadh ESMA dá dtagraítear i mír 1 a fháil. Tar éis dheireadh na tréimhse sin ar forchuireadh an íocaíocht phionósach thréimhsiúil ina leith, athbhreithneoidh ESMA an beart.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas