2. An fhaisnéis go léir a mhalartaítear faoin Rialachán seo idir ESMA, na húdaráis inniúla, ÚBE, ÚEÁPC agus an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (41), a bhaineann le dálaí gnó nó oibríochtúla nó le gnóthaí eacnamaíocha nó pearsanta eile, measfar gur faisnéis rúnda í, ach amháin sna cásanna seo a leanas:
|
(a)
|
sonraíonn ESMA nó an t-údarás inniúil nó údarás nó comhlacht eile lena mbaineann tráth na cumarsáide go bhféadfar an fhaisnéis sin a nochtadh;
|
|
(b)
|
tá gá le nochtadh faisnéise den sórt sin i gcomhair imeachtaí dlí;
|
|
(c)
|
úsáidtear an fhaisnéis a nochtar in achoimre nó i bhfoirm chomhiomlán nach féidir rannpháirtithe aonair sa mhargadh airgeadais a shainaithint inti.
|