+Airteagal 14 Sásra fógra agus nós imeachta gearán
---+Airteagal 14 1.
---+Airteagal 14 2.
---+Airteagal 14 3.
---+Airteagal 14 4.
---+Airteagal 14 5.
---+Airteagal 14 6.
---+Airteagal 14 7.
|
Airteagal 14 Sásra fógra agus nós imeachta gearán
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 14 1.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go gcumasóidh cuideachtaí do dhaoine agus d’eintitis atá liostaithe i mír 2 gearáin a chur faoina mbráid i gcás ina bhfuil ábhair imní dhlisteanacha ag na daoine nó ag na heintitis sin maidir le drochthionchair iarbhír nó fhéideartha i ndáil le hoibríochtaí na gcuideachtaí féin, oibríochtaí a bhfochuideachtaí nó oibríochtaí a gcomhpháirtithe gnó i slabhraí gníomhaíochtaí na gcuideachtaí.
|
|
Airteagal 14 2.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh siad seo a leanas gearáin a chur isteach:
(a)
daoine nádúrtha nó dlítheanacha a ndéanann drochthionchar difear dóibh nó a bhfuil forais réasúnta acu chun a chreidiúint go bhféadfadh sé difear a dhéanamh dóibh, agus ionadaithe dlisteanacha na ndaoine sin thar a gceann, mar shampla eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus cosantóirí chearta an duine;
(b)
ceardchumainn agus ionadaithe eile oibrithe a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine aonair a oibríonn sa slabhra gníomhaíochtaí lena mbaineann; agus
(c)
eagraíochtaí na sochaí sibhialta atá gníomhach agus a bhfuil taithí acu i réimsí inar drochthionchar ar an gcomhshaol is ábhar don ghearán.
|
|
Airteagal 14 3.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go mbunóidh cuideachtaí nós imeachta atá cothrom, ar fáil go poiblí, inrochtana, intuartha agus trédhearcach chun déileáil leis na gearáin dá dtagraítear i mír 1, lena n-áirítear nós imeachta le haghaidh cásanna ina measann cuideachta go bhfuil an gearán gan bhunús, agus go gcuirfidh siad ionadaithe ábhartha na n-oibrithe agus na ceardchumainn ar an eolas faoin nós imeachta sin. Déanfaidh cuideachtaí bearta atá ar fáil go réasúnta chun aon chineál frithbhirt a chosc trí rúndacht chéannacht an duine nó na heagraíochta atá ag tíolacadh an ghearáin a áirithiú, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. I gcás inar gá faisnéis a roinnt, déanfar é ar shlí nach gcuirfidh sábháilteacht an ghearánaí i mbaol, lena n-áirítear trí gan chéannacht an ghearánaí a nochtadh. I gcás ina bhfuil bunús leis an ngearán, áiritheoidh na Ballstáit go measfar an drochthionchar is ábhar don ghearán a bheith sainaitheanta de réir bhrí Airteagal 8 agus déanfaidh an chuideachta bearta iomchuí i gcomhréir le hAirteagail 10, 11, agus 12.
|
|
Airteagal 14 4.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na gearánaithe i dteideal an mhéid seo a leanas:
(a)
obair leantach iomchuí a iarraidh ar an gcuideachta i ndáil leis an ngearán ar chuir siad gearán curtha isteach ina leith de bhun mhír 1;
(b)
bualadh le hionadaithe na cuideachta ar leibhéal cuí chun plé a dhéanamh i ndáil leis na drochthionchair thromchúiseacha fhéideartha nó iarbhír atá ina n-ábhar don ghearán, agus leigheas féideartha i gcomhréir le hAirteagal 12;
(c)
an chuideachta do thabhairt réasún dóibh i dtaobh an meastar go bhfuil bunús leis an ngearán nó nach bhfuil agus, i gcás ina meastar go bhfuil, do thabhairt faisnéise dóibh maidir leis na bearta agus na gníomhaíochtaí atá déanta nó atá le déanamh.
|
|
Airteagal 14 5.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh cuideachtaí ar bun sásra inrochtana lenar féidir le daoine nó eintitis fógraí a thabhairt i gcás ina bhfuil faisnéis nó ábhar imní acu maidir le drochthionchair iarbhír nó fhéideartha i ndáil lena n-oibríochtaí féin, oibríochtaí a bhfochuideachtaí agus oibríochtaí a gcomhpháirtithe gnó i slabhraí gníomhaíochtaí na gcuideachtaí. Áiritheofar leis an sásra gur féidir fógraí a thabhairt gan ainm nó faoi rún i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Déanfaidh cuideachtaí bearta atá ar fáil le réasún chun aon chineál frithbheartaíochta a chosc trína áirithiú go bhfanfaidh céannacht na ndaoine nó na n-eintiteas a thíolacann fógraí faoi rún, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Féadfaidh an chuideachta na daoine nó na heintitis a thíolacann fógraí a chur ar an eolas faoi na céimeanna agus na bearta atá déanta nó le déanamh, i gcás inarb ábhartha.
|
|
Airteagal 14 6.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go gceadófar do chuideachtaí na hoibleagáidí a leagtar síos i mír 1, sa chéad fhomhír de mhír 3, agus i mír 5, a chomhlíonadh trí rannpháirtíocht i nósanna imeachta comhoibríocha gearáin agus sásraí fógra, lena n-áirítear na nósanna imeachta sin arna mbunú go comhpháirteach ag cuideachtaí, trí chomhlachais tionscail, trí thionscnaimh lena mbaineann raon páirtithe leasmhara nó comhaontuithe réime domhanda, ar choinníoll go gcomhlíonann na nósanna imeachta comhoibríocha sin na ceanglais agus na sásraí a leagtar amach san Airteagal seo.
|
|
Airteagal 14 7.
|
Ní réamhriachtanas a bheidh i bhfógra nó gearán a chur isteach faoin Airteagal seo ná ní chuirfidh sé cosc ar an duine atá á gcur isteach ó rochtain a bheith aige ar na nósanna imeachta faoi Airteagal 26 agus 29 ná ar shásraí neamhbhreithiúnacha eile.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|