+Airteagal 20 Bearta tionlacain
---+Airteagal 20 1.
---+Airteagal 20 2.
---+Airteagal 20 3.
---+Airteagal 20 4.
---+Airteagal 20 5.

Airteagal 20 Bearta tionlacain

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 20 1.

Chun faisnéis agus tacaíocht a chur ar fáil do chuideachtaí agus dá gcomhpháirtithe gnó agus do gheallsealbhóirí, cuirfidh na Ballstáit ar bun, ina n-aonar nó i gcomhpháirt, suíomhanna gréasáin, ardáin nó tairseacha tiomnaithe agus oibreoidh siad iad. Tabharfar aird ar leith, i ndáil leis sin, ar na FBManna atá i láthair i slabhraí gníomhaíochtaí na gcuideachtaí. Tabharfaidh na suíomhanna gréasáin, na hardáin nó na tairseacha sin rochtain ar na nithe seo a leanas go háirithe:

(a) 

an t-inneachar agus na critéir tuairiscithe arna leagan síos ag an gCoimisiún sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 16(3);

(b) 

treoraíocht an Choimisiúin i dtaobh clásail chonarthacha eiseamláireacha dheonacha dá bhforáiltear in Airteagal 18 agus na treoirlínte a eisíonn sé de bhun Airteagal 19;

(c) 

an deasc chabhrach aonair dá bhforáiltear in Airteagal 21; agus

(d) 

faisnéis do pháirtithe leasmhara agus dá n-ionadaithe maidir le conas a bheith páirteach ó thús deireadh i bpróiseas an díchill chuí.

Airteagal 20 2.
Gan dochar do na rialacha maidir leis an státchabhair, féadfaidh na Ballstáit tacaíocht airgeadais a thabhairt do FBManna. Féadfaidh na Ballstáit tacaíocht a chur ar fáil freisin do geallsealbhóirí chun feidhmiú na gceart a leagtar síos sa Treoir seo a éascú.
Airteagal 20 3.
Féadfaidh an Coimisiún bearta tacaíochta na mBallstát a chomhlánú lena gcuirfear le gníomhaíocht an Aontais atá ann cheana chun tacú le dícheall cuí san Aontas agus i dtríú tíortha agus chun bearta nua a cheapadh, lena n-áirítear tionscnaimh chomhpháirteacha earnála agus il-gheallsealbhóirí a éascú chun cabhrú le cuideachtaí a n-oibleagáidí a chomhlíonadh.
Airteagal 20 4.
Gan dochar d’Airteagail 25, 26 agus 29, féadfaidh cuideachtaí a bheith rannpháirteach i dtionscnaimh earnála agus il-gheallsealbhóirí chun tacú le cur chun feidhme na n-oibleagáidí díchill chuí dá dtagraítear in Airteagal 7 go hAirteagal 16 a mhéid is iomchuí na tionscnaimh sin chun tacú le comhlíonadh na n-oibleagáidí sin. Go háirithe, féadfaidh cuideachtaí, tar éis measúnú a dhéanamh ar a n-oiriúnacht, úsáid a bhaint as anailís riosca ábhartha nó páirt a ghlacadh in anailís riosca ábhartha arna déanamh ag tionscnaimh de chuid na hearnála nó tionscnaimh lena mbaineann raon páirtithe leasmhara nó ag comhaltaí de na tionscnaimh sin agus féadfaidh siad bearta iomchuí éifeachtacha a dhéanamh nó páirt a ghlacadh iontu trí na tionscnaimh sin. Agus an méid sin á dhéanamh acu, déanfaidh cuideachtaí faireachán ar éifeachtacht na mbeart sin agus, leanfaidh siad de bhearta iomchuí a dhéanamh i gcás inar gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar a n-oibleagáidí.

Féadfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit scaipeadh faisnéise faoi na tionscnaimh sin agus a dtorthaí a éascú. Eiseoidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, treoraíocht ina leagtar amach critéir oiriúnachta agus modheolaíocht do chuideachtaí chun measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht na dtionscnamh earnála agus il-gheallsealbhóirí.

Airteagal 20 5.
Gan dochar d’Airteagail 25, 26 agus 29, féadfaidh cuideachtaí úsáid a bhaint as fíorú neamhspleách tríú páirtí ar chuideachtaí agus ó chuideachtaí ina slabhraí gníomhaíochtaí chun tacú le cur chun feidhme oibleagáidí díchill chuí a mhéid is iomchuí an fíorú sin chun tacú le comhlíonadh na n-oibleagáidí ábhartha. Féadfaidh cuideachtaí eile nó tionscnamh earnála nó il-gheallsealbhóirí fíorú tríú páirtí neamhspleách a dhéanamh. Gníomhóidh fíoraitheoirí tríú páirtí neamhspleácha go hoibiachtúil agus go hiomlán neamhspleách ar an gcuideachta, beidh siad saor ó aon choinbhleacht leasa, fanfaidh siad saor ó thionchar seachtrach, bíodh sé díreach nó indíreach, agus staonfaidh siad ó aon ghníomhaíocht nach bhfuil ag teacht lena neamhspleáchas. Ag brath ar chineál an drochthionchair, beidh taithí agus inniúlacht acu in ábhair a bhaineann leis an gcomhshaol nó le cearta an duine agus beidh siad freagrach as cáilíocht agus iontaofacht an fhíoraithe a dhéanann siad.

Eiseoidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, treoraíocht lena leagfar amach critéir oiriúnachta agus modheolaíocht do chuideachtaí chun measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht fíoraitheoirí tríú páirtí, agus treoraíocht chun faireachán a dhéanamh ar chruinneas, éifeachtacht agus sláine an fhíoraithe a dhéanfaidh tríú páirtí.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas