+Airteagal 27 2.

Airteagal 27 2.

Agus cinneadh á dhéanamh an ndéanfar pionóis a fhorchur agus, i gcás ina ndéanfar amhlaidh, le linn cineál agus leibhéal iomchuí na bpionós a chinneadh, tabharfar aird chuí ar an méid seo a leanas:

(a) 

cineál, tromchúis agus fad an tsáraithe, agus déine na dtionchar a eascraíonn as an sárú sin;

(b) 

aon infheistíochtaí arna ndéanamh agus aon tacaíocht spriocdhírithe arna soláthar de bhun Airteagail 10 agus 11;

(c) 

aon chomhoibriú le heintitis eile chun aghaidh a thabhairt ar thionchair lena mbaineann;

(d) 

i gcás inarb ábhartha, a mhéid a rinneadh cinntí tosaíochta i gcomhréir le hAirteagal 9;

(e) 

aon sáruithe ábhartha a rinne an chuideachta roimhe sin ar fhorálacha an dlí náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo;

(f) 

a mhéid a rinne an chuideachta aon ghníomhaíocht leasúcháin maidir leis an ábhar lena mbaineann;

(g) 

na tairbhí airgeadais a ghnóthaigh an chuideachta nó na caillteanais a sheachain sí de bharr an tsáraithe;

(h) 

aon toisc ghéaraitheach nó mhaolaitheach eile is infheidhme i leith chúinsí an cháis lena mbaineann.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas