+Airteagal 10
---+Airteagal 10 1.
---+Airteagal 10 2.
---+Airteagal 10 3.
---+Airteagal 10 4.
---+Airteagal 10 5.
---+Airteagal 10 6.
---+Airteagal 10 7.

Airteagal 10

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 10 1.

Féadfaidh an tÚdarás, de réir mar is iomchuí, an méid seo a leanas a fhorbairt:

(a) 

ionstraimí agus uirlisí cóineasúcháin praiticiúla nua chun cineálacha cur chuige maoirseachta coiteanna agus dea-chleachtais choiteanna a chur chun cinn;

(b) 

uirlisí agus modhanna praiticiúla le haghaidh cúnamh frithpháirteach tar éis an mhéid seo a leanas:

(i) 

iarrataí sonracha ó údaráis mhaoirseachta;

(ii) 

tarchur easaontas idir údaráis mhaoirseachta maidir leis na bearta atá le déanamh go comhpháirteach ag údaráis mhaoirseachta éagsúla i ndáil le heintiteas faoi oibleagáid.

Airteagal 10 2.

Éascóidh agus spreagfaidh an tÚdarás ar a laghad na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a) 

cláir oiliúna earnála agus thrasearnála, lena n-áirítear i ndáil le nuálaíocht teicneolaíochta;

(b) 

malartuithe foirne agus úsáid a bhaint as scéimeanna iasachta, nascadh agus cuairteanna gearrthéarmacha;

(c) 

malartuithe dea-chleachtas maoirseachta idir údaráis mhaoirseachta i gcás ina bhfuil saineolas forbartha ag údarás amháin i réimse sonrach de chleachtais mhaoirseachta AML/CFT.

Airteagal 10 3.
Féadfaidh gach údarás maoirseachta iarraidh ar chúnamh frithpháirteach a bhaineann lena chúraimí maoirseachta a chur faoi bhráid an Údaráis, agus sonrú á dhéanamh ar an gcineál cúnaimh atá á lorg aige ó fhoireann an Údaráis, foireann ceann amháin nó níos mó de na húdaráis mhaoirseachta, nó meascán de sin. Má bhaineann an iarraidh le gníomhaíochtaí i ndáil le maoirseacht eintiteas sonrach faoi oibleagáid, déanfaidh an t-údarás maoirseachta iarrthach an fhaisnéis agus na sonraí is gá chun cúnamh a sholáthar a tharchur chun an Údaráis. Coimeádfaidh an tÚdarás agus tabharfaidh sé cothrom le dáta go tráthrialta an fhaisnéis faoi réimsí sonracha saineolais agus faoi inniúlachtaí údarás maoirseachta chun cúnamh frithpháirteach a sholáthar a bhaineann lena gcúraimí maoirseachta.
Airteagal 10 4.
I gcás ina n-iarrfar ar an Údarás cúnamh a sholáthar chun cúraimí maoirseachta sonracha a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta i ndáil le heintitis faoi oibleagáid seachas eintitis roghnaithe faoi oibleagáid, tabharfaidh an t-údarás maoirseachta iarrthach mionsonraí, san iarraidh uaidh, ar na cúraimí ar lena n-aghaidh a iarrtar tacaíocht. Ní fhorléireofar an cúnamh mar aistriú, ón údarás maoirseachta iarrthach chun an Údaráis, de chúraimí maoirseachta, de chumhachtaí, nó de chuntasacht chun maoirseacht a dhéanamh ar eintitis faoi oibleagáid seachas eintitis roghnaithe faoi oibleagáid.
Airteagal 10 5.
I gcás ina mbeidh an tÚdarás den tuairim go bhfuil an iarraidh iomchuí agus indéanta, déanfaidh sé gach iarracht an cúnamh iarrtha a chur ar fáil, lena n-áirítear trína acmhainní daonna féin a shlógadh agus trína áirithiú go ndéanfaidh na húdaráis mhaoirseachta acmhainní a shlógadh ar bhonn deonach.
Airteagal 10 6.
Faoi dheireadh gach bliana, cuirfidh Cathaoirleach an Údaráis cumraíocht maoirseachta na n-acmhainní daonna in iúl don Bhord Ginearálta a leithdháilfidh an tÚdarás ar an gcúnamh a iarrtar faoi mhír 3 den Airteagal seo a sholáthar le linn na bliana dár gcionn. I gcás ina dtiocfaidh athrú ar infhaighteacht acmhainní daonna toisc aon cheann de na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 5(2), (3) agus (4) a bheith á chomhlíonadh, cuirfidh Cathaoirleach an Údaráis é sin in iúl don Bhord Ginearálta i gcumraíocht na maoirseachta.
Airteagal 10 7.
Fanfaidh aon idirghníomhaíocht idir foireann an Údaráis agus an t-eintiteas faoi oibleagáid faoi fhreagracht eisiach an údaráis maoirseachta atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an eintiteas sin. Ní fhorléireofar an idirghníomhaíocht sin mar aistriú cúraimí nó cumhachtaí a bhaineann le heintitis aonair faoi oibleagáid laistigh de chóras maoirseachta AML/CFT.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas