+Airteagal 33
---+Airteagal 33 1.
---+Airteagal 33 2.
---+Airteagal 33 3.
---+Airteagal 33 4.
---+Airteagal 33 5.
---+Airteagal 33 6.
---+Airteagal 33 7.
---+Airteagal 33 8.

Airteagal 33

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 33 1.
Féadfaidh an tÚdarás cúnamh a thabhairt do mhaoirseoirí airgeadais teacht ar chomhaontú i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i míreanna 3, 4 agus 5 den Airteagal seo arna iarraidh sin do mhaoirseoir airgeadais amháin nó níos mó ná sin de bhun Airteagail 46, 47, 49 nó 54 de Threoir (AE) 2024/1640 nó i gcásanna eile ina n-easaontaíonn maoirseoir airgeadais le nós imeachta nó le hábhar gníomhaíochta, le gníomhaíocht atá beartaithe nó le neamhghníomhaíocht maoirseora seach-airgeadais eile a mhéid a dhéanann sé difear dá chúraimí agus dá fhreagrachtaí maoirseachta féin i ndáil le heintiteas sonrach neamhroghnaithe faoi oibleagáid nó le heintitis iomadúla neamhroghnaithe faoi oibleagáid.
Airteagal 33 2.

I gcásanna seachas na cásanna sin a chumhdaítear le hAirteagail 46, 47, 49 agus 54 de Threoir (AE) 2024/1640, iarrfaidh maoirseoir airgeadais cúnamh ar an Údarás gan moill mhíchuí i gcás ina gceanglaítear le foráil de dhlí an Aontais go dtiocfaidh an maoirseoir airgeadais sin ar chomhaontú, ar shocrú nó ar chomhar de chineál eile atá bunaithe nó curtha ar bhonn foirmiúil, le maoirseoir airgeadais eile, a bhaineann le maoirseacht a dhéanamh ar eintitis shonracha neamhroghnaithe faoi oibleagáid, agus i gcásanna ina dtarlaíonn aon cheann de na nithe seo a leanas:

(a) 

gur thángthas ar an gcomhaontú ach nár chuir ceann de na páirtithe i bhfeidhm go héifeachtach é nó nár chloígh sé leis;

(b) 

gurb é conclúid maoirseora airgeadais, ar bhonn cúiseanna oibiachtúla, go bhfuil easaontas ann;

(c) 

go bhfuil 2 mhí caite ón dáta a fuair maoirseoir airgeadais iarraidh ó mhaoirseoir airgeadais eile gníomhaíocht áirithe a dhéanamh chun na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo a chomhlíonadh agus nach mbeidh cinneadh a shásódh an iarraidh glactha fós ag an maoirseoir iarrtha.

Airteagal 33 3.
Déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin measúnú ar aon iarraidh dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 agus tabharfaidh sé fógra do na páirtithe ábhartha i dtaobh an measann sé go bhfuil údar cuí leis an iarraidh agus an bhfuil sé ar intinn aige gníomhú ina leith i gcomhréir leis an Airteagal seo.
Airteagal 33 4.
Déanfaidh an tÚdarás teorainn ama a leagan síos don idir-réiteach idir na maoirseoirí airgeadais, agus aon teorainneacha ama ábhartha a shonraítear i ndlí an Aontais agus castacht agus práinn an ábhair á gcur san áireamh. Chun críocha na céime idir-réitigh, gníomhóidh an tÚdarás mar idirghabhálaí. I gcás inar gá nó ina bhforáiltear i ndlí an Aontais, eiseoidh sé tuairim maidir le conas an t-easaontas a réiteach.
Airteagal 33 5.
I gcás nach dtagann na maoirseoirí airgeadais ar chomhaontú le linn na céime idir-réitigh dá dtagraítear i mír 4, nó i gcás nach leanann siad an tuairim arna heisiúint ag an Údarás, féadfaidh an tÚdarás a chur de cheangal ar na maoirseoirí sin gníomhaíocht shonrach a dhéanamh nó staonadh ó ghníomhaíocht chun an t-ábhar a réiteach, agus chun a áirithiú go gcomhlíonfar dlí an Aontais. Beidh an cinneadh ón Údarás ceangailteach ar na maoirseoirí airgeadais. Féadfaidh ceanglas a bheith sa chinneadh ón Údarás gur gá do na maoirseoirí airgeadais cinneadh a ghlac siad a chúlghairm nó a leasú, nó úsáid a bhaint as na cumhachtaí atá acu faoi dhlí an Aontais is infheidhme.
Airteagal 33 6.
Tabharfaidh an tÚdarás fógra do na maoirseoirí airgeadais gur cuireadh i gcrích nósanna imeachta faoi mhíreanna 4 agus 5, agus, i gcás inarb infheidhme, an cinneadh a rinne sé faoi mhír 5.
Airteagal 33 7.
Beidh aon ghníomhaíocht a dhéanfaidh na maoirseoirí airgeadais maidir le fíorais atá faoi réir cinneadh de bhun mhír 5 comhoiriúnach le cinneadh den sórt sin.
Airteagal 33 8.
Sa tuairisc dá dtagraítear in Airteagal 84, leagfaidh Cathaoirleach an Údaráis amach cineál agus saghas na n-easaontas atá ann idir na maoirseoirí airgeadais, na comhaontuithe ar thángthas orthu agus na cinntí a rinneadh chun na heasaontais sin a réiteach.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas