+Resilience Training Programs
|
Resilience Training Programs
Implement security awareness and digital operational resilience training as integral components of staff training schemes and ensure training extends to all staff members, including senior management. Customize training intensity based on employee roles and functions. For the training content, cover topics such as network security, insights from prior incidents, threat intelligence, defenses against intrusions, data protection measures (e.g., encryption, cryptography). Conduct the resilience training program on an annual basis. Staff shall be informed on the ICT security policies, procedures and protocols and be made aware of the reporting channels put in place for detecting anomalous activities. Upon termination of employment, all staff are required to return all ICT assets and information assets.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Rialacháin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Rialacháin ghaolmhara
Rialacháin
| Foinse |
Rialáil |
|
EULAW
|
Airteagal 5 2
2. Déanfaidh comhlacht bainistíochta an eintitis airgeadais cur chun feidhme na socruithe uile a bhaineann le creat bainistíochta riosca TFC dá dtagraítear in Airteagal 6(1) a shainiú, a fhormheas, agus a fhormhaoirsiú, agus is é a bheidh freagrach as na socruithe sin a chur chun feidhme.
Chun críocha na chéad fhomhíre, maidir leis an gcomhlacht bainistíochta:
|
(a)
|
is air a bheidh an fhreagracht deiridh as rioscaí TFC an eintitis airgeadais a bhainistiú;
|
|
(b)
|
cuirfidh sé beartais i bhfeidhm lena ndírítear ar a áirithiú go gcoimeádfar ardchaighdeáin infhaighteachta, barántúlachta, sláine agus rúndachta sonraí;
|
|
(c)
|
leagfaidh sé síos róil agus freagrachtaí soiléire le haghaidh gach feidhme a bhaineann le TFC agus bunóidh sé socruithe iomchuí rialachais chun cumarsáid, comhar agus comhordú atá éifeachtach agus tráthúil i measc na bhfeidhmeanna sin a áirithiú;
|
|
(d)
|
is air a bheidh an fhreagracht fhoriomlán as an straitéis athléimneachta digití oibríochtúla dá dtagraítear in Airteagal 6(8) a leagan amach agus a fhormheas, lena n-áirítear an leibhéal lamháltais riosca iomchuí maidir le riosca TFC an eintitis airgeadais, dá dtagraítear in Airteagal 6(8), pointe (b), a chinneadh;
|
|
(e)
|
is é a dhéanfaidh cur chun feidhme bheartas leanúnachais gnó TFC agus pleananna freagartha agus athshlánaithe TFC an eintitis airgeadais, dá dtagraítear, faoi seach, in Airteagal 11(1) agus (3), a fhormheas agus a mhaoirsiú, agus a athbhreithniú go tréimhsiúil, ar beartais agus pleananna iad ar féidir a ghlacadh mar bheartas tiomnaithe sonrach ar cuid lárnach de bheartas foriomlán leanúnachais gnó agus de phlean freagartha agus athshlánaithe an eintitis airgeadais é;
|
|
(f)
|
is é a dhéanfaidh pleananna iniúchta inmheánaigh TFC an eintitis airgeadais, iniúchtaí TFC, agus modhnuithe ábharacha orthu sin, a fhormheas agus a athbhreithniú go tréimhsiúil;
|
|
(g)
|
is é a dhéanfaidh an buiséad iomchuí a leithdháileadh agus a athbhreithniú go tréimhsiúil, chun riachtanais athléimneachta digití oibríochtúla an eintitis airgeadais a chomhlíonadh i ndáil le gach cineál acmhainne, lena n-áirítear cláir ábhartha feasachta slándála TFC agus an oiliúint ábhartha san athléimneacht dhigiteach oibríochtúil dá dtagraítear in Airteagal 13(6), agus scileanna TFC don fhoireann ar fad;
|
|
(h)
|
is é a dhéanfaidh beartas an eintitis airgeadais maidir le socruithe i ndáil le húsáid seirbhísí TFC arna soláthar ag soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí a fhormheas agus a athbhreithniú go tréimhsiúil;
|
|
(i)
|
cuirfidh sé bealaí tuairiscithe ar bun, ar an leibhéal corparáideach, chun gur féidir eolas cuí a thabhairt dó i ndáil leis na nithe seo a leanas:
|
(i)
|
socruithe arna dtabhairt i gcrích le soláthraithe seirbhísí tríú páirtí TFC maidir leis an úsáid a bhaintear as seirbhísí TFC,
|
|
(ii)
|
aon athruithe ábhartha pleanáilte ábharacha maidir le soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí,
|
|
(iii)
|
an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag athruithe den sórt sin ar na feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha atá faoi réir na socruithe sin, lena n-áirítear achoimre ar an anailís riosca chun tionchar na n-athruithe sin a mheasúnú, agus ar a laghad mórtheagmhais a bhaineann le TFC agus a dtionchar, chomh maith le bearta freagartha, athshlánaithe agus ceartaitheacha.
|
|
|
|
EULAW
|
Airteagal 13 6
6. Forbróidh eintitis airgeadais cláir feasachta slándála TFC agus oiliúintí san athléimneacht dhigiteach oibríochtúil mar mhodúil éigeantacha ina scéimeanna oiliúna foirne. Beidh na cláir agus an oiliúint sin infheidhme i gcás na bhfostaithe uile agus i gcás na foirne ardbhaintistíochta, agus beidh an leibhéal castachta i gcomhréir le sainchúram a bhfeidhmeanna. I gcás inarb iomchuí, áireoidh eintitis airgeadais soláthraithe seirbhísí tríú páirtí TFC ina scéimeanna oiliúna ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 30(2), pointe (i).
|
|
EULAW
|
Airteagal 19 Beartas acmhainní daonna
Airteagal 19
Déanfaidh eintitis airgeadais gach ceann de na heilimintí seo a leanas a bhaineann le slándáil TFC a áireamh ina mbeartas acmhainní daonna nó i mbeartais ábhartha eile:
(a)
aon fhreagracht shonrach i leith slándáil TFC a shainaithint agus a shannadh;
(b)
a cheangal ar bhaill foirne an eintitis airgeadais agus ar sholáthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí a úsáideann sócmhainní TFC an eintitis airgeadais nó a bhfuil rochtain acu ar na sócmhainní sin:
(i)
go mbeidh siad ar an eolas faoi bheartais, nósanna imeachta agus prótacail slándála TFC an eintitis airgeadais, agus go gcloífidh siad leo;
(ii)
go mbeidh siad ar an eolas faoi na bealaí tuairiscithe a chuireann an t-eintiteas airgeadais i bhfeidhm chun iompraíocht aimhrialta a bhrath, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, na bealaí tuairiscithe a bhunaítear i gcomhréir le Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
1
);
(iii)
i gcás na foirne, go dtabharfaidh siad ar ais don eintiteas, ar fhoirceannadh a bhfostaíochta, na sócmhainní TFC uile agus na sócmhainní faisnéise inláimhsithe uile atá ina seilbh acu agus ar leis an eintiteas airgeadais iad.
|
|