+Asset Classification and Documentation

Asset Classification and Documentation

Identify, classify and document all ICT-supported business functions, including the assets supporting them, and detail the roles and dependencies of these assets in relation to ICT risk. Additionally, identify and document all ICT-supported business functions dependent on ICT third-party service providers, and identify the services provided by third-party providers that support critical or important business functions. Make a mapping of critical (ICT) assets based on a criticality assessment, which must include network resources, hardware equipment, and resources on remote sites. This mapping should also incorporate the configuration of assets and their links and interdependencies with other assets. The criticality assessment should follow clear criteria to evaluate the ICT risk related to business functions, taking into account the potential impact of confidentiality, integrity, and availability losses. Review the adequacy of this classification and documentation at least on a yearly basis, ensuring it meets the requirements for maintaining accurate and up-to-date asset records.

 

1. Forbhreathnú

Teideal Caighdeán

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Rialacháin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Rialacháin ghaolmhara

Rialacháin
Foinse Rialáil
EULAW Airteagal 7 Córais, prótacail agus uirlisí TFC

Chun aghaidh a thabhairt ar riosca TFC agus chun an riosca sin a bhainistiú, bainfidh na heintitis airgeadais úsáid as córais, prótacail agus uirlisí TFC nuashonraithe a bheidh:

EULAW Airteagal 8 1

1.   Mar chuid den chreat bainistíochta rioscaí TFC dá dtagraítear in Airteagal 6(1), déanfaidh eintitis airgeadais gach feidhm thacaithe ghnó TFC, róil agus freagrachtaí, na sócmhainní faisnéise agus na sócmhainní TFC lena dtacaítear leis na feidhmeanna sin, agus a róil agus a spleáchais maidir le riosca TFC a shainaithint, a aicmiú agus a dhoiciméadú go leordhóthanach. Déanfaidh eintitis airgeadais athbhreithniú de réir mar is gá, agus uair sa bhliain ar a laghad, ar leordhóthanacht an aicmiúcháin sin chomh maith le haon doiciméadacht ábhartha.

EULAW Airteagal 8 5

5.   Déanfaidh eintitis airgeadais na próisis uile a bhraitheann ar sholáthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí a shainaithint agus a dhoiciméadú, agus sainaithneoidh siad idirnaisc le soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí a chuireann seirbhísí ar fáil lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha.

EULAW Airteagal 8 6

6.   Chun críocha mhíreanna 1, 4 agus 5, coinneoidh eintitis airgeadais fardail ábhartha agus tabharfaidh siad na fardail sin cothrom le dáta go tréimhsiúil agus gach aon uair a dhéanfar mórathrú dá dtagraítear i mír 3.

EULAW Airteagal 4 1.
Mar chuid de na beartais, nósanna imeachta, prótacail agus uirlisí slándála TFC dá dtagraítear in Airteagal 9(2) de Rialachán (AE) 2022/2554, déanfaidh eintitis airgeadais beartas bainistithe sócmhainní TFC a fhorbairt, a dhoiciméadú agus a chur chun feidhme.
EULAW Airteagal 4 2.

Leis an mbeartas bainistithe sócmhainní TFC dá dtagraítear i mír 1, déanfar na nithe seo a leanas:

(a) 

an faireachán agus an bhainistíocht ar shaolré sócmhainní TFC a shainaithnítear agus a aicmítear i gcomhréir le hAirteagal 8(1) de Rialachán (AE) 2022/2554 a fhorordú;

(b) 

a fhorordú go gcoimeádfaidh an t-eintiteas airgeadais taifid ar na nithe uile seo a leanas:

(i) 

aitheantóir uathúil gach sócmhainne TFC;

(ii) 

faisnéis maidir le suíomh na sócmhainní TFC uile, bíodh sé ina shuíomh fisiceach nó loighciúil;

(iii) 

aicmiú na sócmhainní TFC uile, dá dtagraítear in Airteagal 8(1) de Rialachán (AE) 2022/2254;

(iv) 

céannacht úinéirí sócmhainne TFC;

(v) 

na feidhmeanna nó seirbhísí gnó a dtacaíonn an tsócmhainn TFC leo;

(vi) 

na ceanglais maidir le leanúnachas gnó TFC, lena n-áirítear cuspóirí aga athshlánaithe agus cuspóirí pointí athshlánaithe;

(vii) 

an féidir an tsócmhainn TFC a nochtadh do ghréasáin sheachtracha, lena n-áirítear an t-idirlíon, nó an bhfuil sí nochta dóibh;

(viii) 

na naisc agus na hidirspleáchais i measc sócmhainní TFC agus na feidhmeanna gnó a úsáideann gach sócmhainn TFC;

(ix) 

i gcás inarb infheidhme, maidir le gach sócmhainn TFC, dátaí deiridh sheirbhísí tráthrialta, leathnaithe agus saincheaptha an tsoláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí ar ina ndiaidh nach dtacaíonn a soláthróir nó soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí leis na sócmhainní TFC sin a thuilleadh;

(c) 

i gcás eintitis airgeadais seachas micrifhiontair, a fhorordú go gcoimeádfaidh na heintitis airgeadais sin taifid ar an bhfaisnéis is gá chun measúnú riosca TFC sonrach a dhéanamh ar na córais TFC leagáide uile dá dtagraítear in Airteagal 8(7) de Rialachán (AE) 2022/2554.

EULAW Airteagal 5 1.
Déanfaidh eintitis airgeadais nós imeachta um bainistiú sócmhainní TFC a fhorbairt, a dhoiciméadú agus a chur chun feidhme.
EULAW Airteagal 5 2.

Leis an nós imeachta um bainistiú sócmhainní TFC dá dtagraítear i mír 1, sonrófar na critéir chun an measúnú criticiúlachta a dhéanamh ar shócmhainní faisnéise agus sócmhainní TFC lena dtacaítear le feidhmeanna gnó. Cuirfear na nithe seo a leanas san áireamh sa mheasúnú sin:

(a) 

an riosca TFC a bhaineann leis na feidhmeanna gnó sin agus a spleáchais ar na sócmhainní faisnéise nó na sócmhainní TFC;

(b) 

cén tionchar ar phróisis agus gníomhaíochtaí gnó na n-eintiteas airgeadais a bheadh ann dá gcaillfí rúndacht, sláine agus infhaighteacht na sócmhainní faisnéise agus na sócmhainní TFC sin.