+Emergency Change Management
|
Emergency Change Management
Define procedures for documenting, reevaluating, assessing, and approving the implementation of emergency changes, including workarounds and patches.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Rialacháin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Rialacháin ghaolmhara
Rialacháin
| Foinse |
Rialáil |
|
EULAW
|
Airteagal 8 1.
Mar chuid de na beartais, nósanna imeachta, prótacail agus uirlisí slándála TFC dá dtagraítear in Airteagal 9(2) de Rialachán (AE) 2022/2554, déanfaidh eintitis airgeadais beartais agus nósanna imeachta um bainistiú oibríochtaí TFC a fhorbairt, a dhoiciméadú agus a chur chun feidhme. Sonrófar leis na beartais agus na nósanna imeachta sin conas a dhéanann eintitis airgeadais a sócmhainní TFC a oibriú, a rialú agus a thabhairt ar ais, agus conas a dhéanann siad faireachán orthu, lena n-áirítear oibríochtaí TRC a dhoiciméadú.
|
|
EULAW
|
Airteagal 8 2.
Sna beartais agus nósanna imeachta um oibríochtaí TFC dá dtagraítear i mír 1 beidh na nithe uile seo a leanas:
(a)
tuairisc ar shócmhainní TFC, lena n-áirítear na nithe uile seo a leanas:
(i)
ceanglais maidir le córas TFC a shuiteáil, a chothabháil, a chumrú agus a dhíshuiteáil go slán;
(ii)
ceanglais maidir le bainistiú sócmhainní faisnéise a úsáideann sócmhainní TFC, lena n-áirítear a bpróiseáil agus a láimhseáil, go huathoibrithe agus de láimh ar aon;
(iii)
ceanglais maidir le córais TFC leagáide a shainaithint agus a rialú;
(b)
rialuithe agus faireachán ar chórais TFC, lena n-áirítear na nithe uile seo a leanas:
(i)
ceanglais maidir le córais TFC a chúltacú agus a thabhairt ar ais;
(ii)
ceanglais maidir le sceidealú, agus idirspleáchais i measc na gcóras TFC á gcur san áireamh;
(iii)
prótacail maidir le faisnéis riain iniúchta agus loga córais;
(iv)
ceanglais chun a áirithiú go n-íoslaghdófar suaití ar oibríochtaí gnó le feidhmíocht iniúchóireachta inmheánaí agus tástála eile;
(v)
ceanglais maidir le timpeallachtaí táirgthe TFC a dheighilt ó na timpeallachtaí forbartha, tástála agus neamhtháirgthe eile;
(vi)
ceanglais maidir leis an bhforbairt agus an tástáil a dhéanamh i dtimpeallachtaí atá scartha ón timpeallacht táirgthe;
(vii)
ceanglais maidir leis an bhforbairt agus an tástáil a dhéanamh i dtimpeallachtaí táirgthe;
(c)
láimhseáil earráidí a bhaineann le córais TFC, lena n-áirítear na nithe uile seo a leanas:
(i)
nósanna imeachta agus prótacail maidir le hearráidí a láimhseáil;
(ii)
teagmhálaithe tacaíochta agus géaraithe, lena n-áirítear teagmhálaithe tacaíochta seachtraí i gcás ina dtarlóidh fadhbanna oibríochtúla nó teicniúla gan choinne;
(iii)
nósanna imeachta um chóras TFC a atosú, a thiontú ar ais agus a athshlánú a úsáidfear i gcás ina dtiocfaidh suaitheadh ar chóras TFC.
Chun críocha phointe (b)(v), breithneofar comhpháirteanna uile na timpeallachta sa deighilt, lena n-áirítear cuntais, sonraí nó naisc, mar a cheanglaítear le hAirteagal 13 an chéad fhomhír, pointe (a). Chun críocha phointe (b)(vii), forálfar leis na beartais agus na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1 go sainaithneofar go soiléir na cásanna ina ndéantar tástáil i dtimpeallacht táirgthe, go mbeidh na cásanna sin réasúnaithe agus nach mairfidh siad ach ar feadh tréimhsí teoranta ama, agus go bhformheasfaidh an fheidhm ábhartha iad i gcomhréir le hAirteagal 16(6). Áiritheoidh eintitis airgeadais infhaighteacht, rúndacht, sláine agus barántúlacht córas TFC agus sonraí táirgthe le linn gníomhaíochtaí forbartha agus tástála sa timpeallacht táirgthe.
|
|
EULAW
|
Airteagal 17 1.
Mar chuid de na coimircí chun infhaighteacht, barántúlacht, sláine agus rúndacht sonraí a chaomhnú, maidir leis na nósanna imeachta um bainistiú athruithe TFC dá dtagraítear in Airteagal 9(4), pointe (e), de Rialachán (AE) 2022/2554, áireoidh eintitis airgeadais, i leith na n-athruithe uile ar bhogearraí, crua-earraí, comhpháirteanna dochtearraí, paraiméadair ar chórais nó paraiméadair slándála, na nithe uile seo a leanas:
(a)
fíorú a dhéanamh ar cé acu a comhlíonadh nó nár comhlíonadh na ceanglais slándála TFC;
(b)
sásraí lena n-áiritheofar go mbeidh neamhspleáchas idir na feidhmeanna a fhormheasann athruithe agus na feidhmeanna atá freagrach as na hathruithe sin a iarraidh agus a chur chun feidhme;
(c)
tuairisc shoiléir a thabhairt ar róil agus freagrachtaí chun a áirithiú:
(i)
go ndéanfar athruithe a shonrú agus a phleanáil;
(ii)
go ndéanfar aistriú leordhóthanach a dhearadh;
(iii)
go ndéanfar na hathruithe a thástáil agus a thabhairt chun críche ar bhealach rialaithe;
(iv)
go mbeidh dearbhú cáilíochta éifeachtach ann;
(d)
mionsonraí athruithe a dhoiciméadú agus a chur in iúl, lena n-áirítear:
(i)
cuspóir agus raon feidhme an athraithe;
(ii)
tráthchlár chur chun feidhme an athraithe;
(iii)
na torthaí a bhfuil coinne leo;
(e)
nósanna imeachta agus freagrachtaí cúltaca a shainaithint, lena n-áirítear nósanna imeachta agus freagrachtaí chun athruithe a thobscor nó chun athshlánú ó athruithe nár cuireadh chun feidhme go rathúil;
(f)
nósanna imeachta, prótacail agus uirlisí chun bainistíocht a dhéanamh ar athruithe éigeandála lena soláthraítear coimircí leordhóthanacha;
(g)
nósanna imeachta um athruithe éigeandála a dhoiciméadú, a athmheas, a mheasúnú agus a fhormheas tar éis a gcur chun feidhme, lena n-áirítear bealaí chun oibriú thart orthu agus paistí;
(h)
an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag athrú ar bhearta slándála TFC atá ann cheana a shainaithint agus measúnú a dhéanamh ar cé acu is gá nó nach gá bearta slándála TFC breise a ghlacadh de thoradh an athraithe sin.
|
|
EULAW
|
Airteagal 17 2.
Tar éis do chontrapháirtithe lárnacha agus do thaisclanna lárnacha urrús athruithe móra a dhéanamh ar a gcórais TFC, cuirfidh siad a gcórais TFC faoi réir tástáil dhian trí dhálaí struis a ionsamhlú. Tabharfaidh contrapháirtithe lárnacha rannpháirt do na páirtithe seo a leanas, de réir mar is iomchuí, i ndearadh agus i ndéanamh na tástála dá dtagraítear sa chéad fhomhír:
(a)
comhaltaí imréitigh agus cliaint;
(b)
contrapháirtithe lárnacha idir-inoibritheacha;
(c)
páirtithe leasmhara eile;
Tabharfaidh taisclanna lárnacha urrús rannpháirt do na páirtithe seo a leanas, de réir mar is iomchuí, i ndearadh agus i ndéanamh na tástála dá dtagraítear sa chéad fhomhír:
(b)
fóntais chriticiúla agus soláthraithe seirbhíse criticiúla;
(c)
taisclanna lárnacha urrús eile;
(d)
bonneagair eile an mhargaidh;
(e)
aon institiúid eile lena bhfuil idirspleáchais ina mbeartas leanúnachais gnó TFC arna sainaithint ag taisclanna lárnacha urrús.
|
|