+Airteagal 17 1.

Airteagal 17 1.

Mar chuid de na coimircí chun infhaighteacht, barántúlacht, sláine agus rúndacht sonraí a chaomhnú, maidir leis na nósanna imeachta um bainistiú athruithe TFC dá dtagraítear in Airteagal 9(4), pointe (e), de Rialachán (AE) 2022/2554, áireoidh eintitis airgeadais, i leith na n-athruithe uile ar bhogearraí, crua-earraí, comhpháirteanna dochtearraí, paraiméadair ar chórais nó paraiméadair slándála, na nithe uile seo a leanas:

(a) 

fíorú a dhéanamh ar cé acu a comhlíonadh nó nár comhlíonadh na ceanglais slándála TFC;

(b) 

sásraí lena n-áiritheofar go mbeidh neamhspleáchas idir na feidhmeanna a fhormheasann athruithe agus na feidhmeanna atá freagrach as na hathruithe sin a iarraidh agus a chur chun feidhme;

(c) 

tuairisc shoiléir a thabhairt ar róil agus freagrachtaí chun a áirithiú:

(i) 

go ndéanfar athruithe a shonrú agus a phleanáil;

(ii) 

go ndéanfar aistriú leordhóthanach a dhearadh;

(iii) 

go ndéanfar na hathruithe a thástáil agus a thabhairt chun críche ar bhealach rialaithe;

(iv) 

go mbeidh dearbhú cáilíochta éifeachtach ann;

(d) 

mionsonraí athruithe a dhoiciméadú agus a chur in iúl, lena n-áirítear:

(i) 

cuspóir agus raon feidhme an athraithe;

(ii) 

tráthchlár chur chun feidhme an athraithe;

(iii) 

na torthaí a bhfuil coinne leo;

(e) 

nósanna imeachta agus freagrachtaí cúltaca a shainaithint, lena n-áirítear nósanna imeachta agus freagrachtaí chun athruithe a thobscor nó chun athshlánú ó athruithe nár cuireadh chun feidhme go rathúil;

(f) 

nósanna imeachta, prótacail agus uirlisí chun bainistíocht a dhéanamh ar athruithe éigeandála lena soláthraítear coimircí leordhóthanacha;

(g) 

nósanna imeachta um athruithe éigeandála a dhoiciméadú, a athmheas, a mheasúnú agus a fhormheas tar éis a gcur chun feidhme, lena n-áirítear bealaí chun oibriú thart orthu agus paistí;

(h) 

an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag athrú ar bhearta slándála TFC atá ann cheana a shainaithint agus measúnú a dhéanamh ar cé acu is gá nó nach gá bearta slándála TFC breise a ghlacadh de thoradh an athraithe sin.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas