+Incident Classification Criteria

Incident Classification Criteria

Classify ICT-related incidents based on their impact using the following criteria: number of clients/customers or financial counterparts affected, number of transactions affected, reputational damage, duration of the incident and downtime of services, geographical spread of the incident, data loss in relation to the CIA-triad, criticality of the services affected, and the overall economic impact of the incident.

An incident is considered major if (1) any malicious unauthorised access to network and information systems is identified, which may result to data losses or (2) the thresholds of two additional criteria are met (refer to the DORA RTS IM (Major Incidents) sheet for the thresholds). Also, take into account recurring incidents, where recurring incidents are considered major when (1) the incidents have occurred at least twice within 6 months, (2) the incidents have the same apparent root cause, (3) the incidents collectively categorise as a major incident.

1. Forbhreathnú

Teideal Caighdeán

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Rialacháin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Rialacháin ghaolmhara

Rialacháin
Foinse Rialáil
EULAW Airteagal 18 1

1.   Aicmeoidh eintitis airgeadais teagmhais a bhaineann le TFC agus cinnfidh siad a dtionchar bunaithe ar na critéir seo a leanas:

(a)

líon agus/nó ábharthacht na gcliant nó na gcontrapháirtithe airgeadais a ndearnadh difear dóibh, agus, i gcás inarb infheidhme, méid nó líon na n-idirbheart a rinne an teagmhas a bhaineann le TFC difear dóibh, agus cibé acu ar chúis nó nár chúis é an teagmhas a bhaineann le TFC le tionchar ar a gclú;

(b)

fad an teagmhais a bhaineann le TFC, lena n-áirítear aga neamhfhónaimh na seirbhíse;

(c)

an raon geografach maidir leis na limistéir a ndearna an teagmhas a bhaineann le TFC difear dóibh, go háirithe má rinne sé difear do bhreis agus dhá Bhallstát;

(d)

na caillteanais sonraí atá i gceist leis an teagmhas a bhaineann le TFC, i ndáil le infhaighteacht, barántúlacht, sláine nó rúndacht sonraí;

(e)

criticiúlacht na seirbhísí a ndearnadh difear dóibh, lena n-áirítear idirbhearta agus oibríochtaí an eintitis airgeadais;

(f)

tionchar eacnamaíoch an teagmhais a bhaineann le TFC, go háirithe costais agus caillteanais dhíreacha agus indíreacha.

EULAW Airteagal 18 2

2.   Déanfaidh eintitis airgeadais cibearbhagairtí a aicmiú mar chibearbhagairtí suntasacha bunaithe ar chriticiúlacht na seirbhísí atá i mbaol, lena n-áirítear idirbhearta agus oibríochtaí an eintitis airgeadais, líon agus/nó ábharthacht na gcliant nó na gcontrapháirtithe airgeadais ar díríodh orthu agus raon geografach na limistéar atá i mbaol.

EULAW Airteagal 45 1

1.   Féadfaidh eintitis airgeadais eolas maidir le cibearbhagairtí agus cibearfhaisnéis a mhalartú eatarthu féin, lena n-áirítear táscairí comhréitigh, oirbheartaíocht, teicnicí, agus nósanna imeachta, foláirimh chibearshlándála agus uirlisí cumraíochta, a mhéid gur fíor an méid seo a leanas maidir leis an gcomhroinnt eolais agus faisnéise sin:

(a)

is é is aidhm di athléimneacht dhigiteach oibríochtúil eintiteas airgeadais a fheabhsú, go háirithe trí fheasacht a ardú i ndáil le cibearbhagairtí, cumas scaipthe na gcibearbhagairtí a theorannú nó a bhacadh, tacú le raon cumas cosanta, teicnící braite bagairtí, straitéisí maolaithe nó céimeanna freagartha agus athshlánaithe;

(b)

déantar laistigh de phobail iontaofa d’eintitis airgeadais í;

(c)

déantar í a chur chun feidhme trí shocruithe comhroinnte faisnéise, lena gcosnaítear cineál íogair féideartha na faisnéise arna comhroinnt, agus a rialáiltear le rialacha iompraíochta agus lánurraim á tabhairt do rúndacht gnó, cosaint sonraí pearsanta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 agus treoirlínte maidir leis an mbeartas iomaíochta.

EULAW Airteagal 45 2

2.   Chun críche mhír 1, pointe (c), leis na socruithe comhroinnte faisnéise, saineofar na coinníollacha rannpháirtíochta agus, i gcás inarb iomchuí, leagfar amach na mionsonraí maidir le rannpháirtíocht údarás poiblí agus an cháil ina bhféadfaidís a bheith comhlachaithe leis na socruithe comhroinnte faisnéise, agus maidir le rannpháirtíocht na soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí, agus maidir le gnéithe oibríochtúla, lena n-áirítear úsáid ardán TF tiomnaithe.

EULAW Airteagal 45 3

3.   Tabharfaidh eintitis airgeadais fógra d’údaráis inniúla maidir lena rannpháirtíocht sna socruithe comhroinnte faisnéise dá dtagraítear i mír 1, tar éis bhailíochtú a mballraíochta, nó, mar is infheidhme, maidir le scor a mballraíochta, a thúisce a bheidh éifeacht leis.