+Source Code Reviews

Source Code Reviews

Conduct source code reviews encompassing static and dynamic testing, for the purpose of acquisition, development and maintenance of ICT-systems. Include security testing for internet-exposed systems. Identify and address vulnerabilities and anomalies in the source code and put in place plans to mitigate them. Monitor mitigation efforts. Implement controls to safeguard the integrity of source code, whether developed in-house or by a third-party service provider. Analyze and test source code and proprietary software provided by third-party service providers or from open-source projects for vulnerabilities.

1. Forbhreathnú

Teideal Caighdeán

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Rialacháin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Rialacháin ghaolmhara

Rialacháin
Foinse Rialáil
EULAW Airteagal 16 1.

Mar chuid de na coimircí chun infhaighteacht, barántúlacht, sláine agus rúndacht sonraí a chaomhnú, déanfaidh eintitis airgeadais beartas lena rialaítear éadáil, forbairt agus cothabháil córas TFC a fhorbairt, a dhoiciméadú agus a chur chun feidhme. Leis an mbeartas sin:

(a) 

sainaithneofar cleachtais agus modheolaíochtaí slándála a bhaineann le héadáil, forbairt agus cothabháil córas TFC;

(b) 

ceanglófar go sainaithneofar:

(i) 

sonraíochtaí teicniúla agus sonraíochtaí teicniúla TFC, mar a shainítear in Airteagal 2, pointí (4) agus (5), de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012;

(ii) 

ceanglais a bhaineann le héadáil, forbairt agus cothabháil córas TFC, lena ndírítear go háirithe ar cheanglais slándála TFC agus ar a bhformheas ag an bhfeidhm ghnó ábhartha agus ag úinéir na sócmhainne TFC i gcomhréir le socruithe rialachais inmheánaigh an eintitis airgeadais;

(c) 

sonrófar bearta chun an riosca go ndéanfaí athrú neamhbheartaithe nó ionramháil bheartaithe ar na córais TFC a mhaolú le linn fhorbairt agus chothabháil na gcóras TFC sin agus le linn a gcur in úsáid sa timpeallacht táirgthe.

EULAW Airteagal 16 2.
Déanfaidh eintitis airgeadais nós imeachta um éadáil, forbairt agus cothabháil córas TFC a fhorbairt, a dhoiciméadú agus a chur chun feidhme chun na córais TFC uile a thástáil agus a fhormheas sula n-úsáidfear iad agus tar éis a gcothabhála, i gcomhréir le hAirteagal 8(2), pointe (b), pointí (v), (vi) agus (vii). Beidh an leibhéal tástála i gcomhréir le criticiúlacht na bhfeidhmeanna gnó agus na sócmhainní TFC lena mbaineann. Dearfar an tástáil chun a fhíorú gur leormhaith iad córais nua TFC chun go bhfeidhmeoidh siad mar atá beartaithe, lena n-áirítear cáilíocht na mbogearraí arna bhforbairt go hinmheánach.

I dteannta na gceanglas a leagtar síos sa chéad fhomhír, tabharfaidh contrapháirtithe lárnacha rannpháirt do na páirtithe seo a leanas, de réir mar is iomchuí, i ndearadh agus i ndéanamh na tástála dá dtagraítear sa chéad fhomhír:

(a) 

comhaltaí imréitigh agus cliaint;

(b) 

contrapháirtithe lárnacha idir-inoibritheacha;

(c) 

páirtithe leasmhara eile.

I dteannta na gceanglas a leagtar síos sa chéad fhomhír, tabharfaidh taisclanna lárnacha urrús rannpháirt do na páirtithe seo a leanas, de réir mar is iomchuí, i ndearadh agus i ndéanamh na tástála dá dtagraítear sa chéad fhomhír:

(a) 

úsáideoirí;

(b) 

fóntais chriticiúla agus soláthraithe seirbhíse criticiúla;

(c) 

taisclanna lárnacha urrús eile;

(d) 

bonneagair eile an mhargaidh;

(e) 

aon institiúid eile lena bhfuil idirspleáchais ina mbeartas leanúnachais gnó arna sainaithint ag taisclanna lárnacha urrús.

EULAW Airteagal 16 3.

Sa nós imeachta dá dtagraítear i mír 2, déanfar athbhreithnithe ar chód foinseach lena gcumhdaítear tástáil statach agus dhinimiciúil araon. Sa tástáil sin, déanfar tástáil slándála ar chórais agus feidhmchláir atá nochta don idirlíon i gcomhréir le hAirteagal 8(2), pointe (b), pointí (v), (vi) agus (vii). Déanfaidh eintitis airgeadais:

(a) 

leochaileachtaí agus aimhrialtachtaí sa chód foinseach a shainaithint agus anailís a dhéanamh orthu;

(b) 

plean gníomhaíochta a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar na leochaileachtaí agus na haimhrialtachtaí sin;

(c) 

faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an phlean gníomhaíochta sin.

EULAW Airteagal 16 4.
Sa nós imeachta dá dtagraítear i mír 2, déanfar tástáil slándála ar phacáistí bogearraí tráth nach déanaí ná céim an chomhtháthaithe, i gcomhréir le hAirteagal 8(2), pointí (b)(v), (vi) agus (vii).
EULAW Airteagal 16 5.

Forálfar leis an nós imeachta dá dtagraítear i mír 2:

(a) 

nach stórálfar i dtimpeallachtaí neamhtháirgthe ach sonraí táirgthe anaithnidithe, bréagainmnithe nó randamaithe;

(b) 

go bhfuil eintitis airgeadais le sláine agus rúndacht sonraí ina dtimpeallachtaí neamhtháirgthe a chosaint.