+Termination Rights and Conditions
|
Termination Rights and Conditions
Define explicit termination rights including significant breaches of laws, regulations, or contract terms, material changes in third-party risks, demonstrated ICT weaknesses, and regulator oversight constraints. Set provisions for ensuring access, recovery, and return of data in an easily accessible format in cases of termination, insolvency, resolution, or discontinuation of the service provider's business operations.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Rialacháin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Rialacháin ghaolmhara
Rialacháin
| Foinse |
Rialáil |
|
EULAW
|
Airteagal 28 7
7. Áiritheoidh eintitis airgeadais go bhféadfaí socruithe conarthacha maidir le húsáid seirbhísí TFC a fhoirceannadh in aon cheann de na himthosca seo a leanas:
|
(a)
|
má sháraíonn soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí ar bhealach suntasach dlíthe, rialacháin nó téarmaí conarthacha is infheidhme;
|
|
(b)
|
i gcás ina sainaithneofar i rith an fhaireacháin ar riosca TFC tríú páirtí imthosca a mheasfar a d’fhéadfadh feidhmiú na bhfeidhmeanna a sholáthraítear tríd an socrú conarthach a athrú, lena n-áirítear athruithe ábharacha a dhéanann difear don socrú nó do staid an tsoláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí;
|
|
(c)
|
laigí léirithe ag soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí a bhaineann lena bhainistíocht rioscaí TFC fhoriomlán agus go háirithe aon easnamh sa bhealach lena n-áirithíonn sé infhaighteacht, barántúlacht, sláine agus rúndacht sonraí, bídís ina sonraí pearsanta, nó ina sonraí íogaire ar shlí eile, nó ina sonraí neamhphearsanta;
|
|
(d)
|
i gcás nach féidir leis an údarás inniúil maoirseacht éifeachtach a dhéanamh ar an eintiteas airgeadais a thuilleadh de thoradh coinníollacha an tsocraithe chonarthaigh faoi seach, nó imthosca a bhaineann leis.
|
|
|
EULAW
|
Airteagal 30 1
1. Leithdháilfear cearta agus oibleagáidí an eintitis airgeadais agus an tsoláthraí seirbhísí tríú páirtí TFC go soiléir agus leagfar amach i scríbhinn iad. Áireofar sa chonradh iomlán na comhaontuithe ar leibhéal seirbhísí agus déanfar é a dhoiciméadú i ndoiciméad scríofa amháin a bheidh ar fáil do na páirtithe ar pháipéar nó i ndoiciméad ag a bhfuil formáid eile in-íoslódáilte marthanach inléite.
|
|
EULAW
|
Airteagal 30 2
2. Beidh na gnéithe seo a leanas ar a laghad sna socruithe conarthacha maidir le húsáid seirbhísí TFC:
|
(a)
|
tuairisc shoiléir iomlán ar gach feidhm agus seirbhís TFC atá le soláthar ag an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí, lena dtabharfar le fios an gceadaítear nó nach gceadaítear fochonraitheoireacht ar sheirbhísí TFC lena dtacaítear feidhm chriticiúil nó thábhachtach, nó codanna ábhartha di, agus nuair is é sin an cás, na coinníollacha is infheidhme maidir le fochonrú den sórt sin;
|
|
(b)
|
na suíomhanna, is é sin na réigiúin nó na tíortha, mar a bhfuil na feidhmeanna conarthacha nó fochonarthacha agus na seirbhísí TFC conarthacha nó fochonarthacha le soláthar agus mar a bhfuil sonraí le próiseáil, lena n-áirítear an suíomh stórála, agus an ceanglas go dtabharfaidh an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí fógra don eintiteas airgeadais roimh ré má bheartaíonn sé an suíomh nó na suíomhanna sin a athrú;
|
|
(c)
|
Forálacha maidir le hinfhaighteacht, barántúlacht, sláine agus rúndacht i ndáil le cosaint sonraí, lena n-áirítear sonraí pearsanta;
|
|
(d)
|
forálacha maidir le rochtain, athshlánú agus tabhairt ar ais sonraí pearsanta agus sonraí neamhphearsanta a phróiseálann an t-eintiteas airgeadais, a áirithiú i bhformáid is inrochtana go héasca i gcás dhócmhainneacht, réitigh nó scor oibríochtaí gnó an tsoláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí, nó i gcás fhoirceannadh na socruithe conarthacha;
|
|
(e)
|
tuairiscí ar leibhéal seirbhísí, lena n-áirítear nuashonruithe agus athbhreithnithe orthu sin;
|
|
(f)
|
an oibleagáid atá ar sholáthraí seirbhísí TFC tríú páirtí cúnamh a sholáthar don eintiteas airgeadais gan aon chostas breise, nó ar chostas a chinntear ex ante, i gcás ina dtarlaíonn teagmhas TFC a bhaineann le seirbhís TFC a sholáthraítear don eintiteas airgeadais;
|
|
(g)
|
an oibleagáid atá ar sholáthraí seirbhísí TFC tríú páirtí comhoibriú go hiomlán le húdaráis inniúla agus le húdaráis réitigh an eintitis airgeadais, lena n-áirítear daoine arna gceapadh acu;
|
|
(h)
|
cearta foirceanta agus íostréimhse fógraí ghaolmhar chun an conradh a fhoirceannadh, i gcomhréir le hionchais na n-údarás inniúil agus na n-údarás réitigh;
|
|
(i)
|
na coinníollacha maidir le rannpháirtíocht soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí i gcláir feasachta slándála TFC na n-eintiteas airgeadais agus in oiliúint ar athléimneacht dhigiteach oibríochtúil i gcomhréir le hAirteagal 13(6).
|
|
|