+Contractual Requisites
|
Contractual Requisites
Only contract with service providers meeting appropriate information security standards (e.g., ISO 27001, SOC, PCI-DSS, etc.) appropriate to the criticaly of services delivered. Determine audit frequency for service providers, ensuring auditors possess requisite skills and knowledge for complex services
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Rialacháin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Rialacháin ghaolmhara
Rialacháin
| Foinse |
Rialáil |
|
EULAW
|
Airteagal 8 5
5. Déanfaidh eintitis airgeadais na próisis uile a bhraitheann ar sholáthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí a shainaithint agus a dhoiciméadú, agus sainaithneoidh siad idirnaisc le soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí a chuireann seirbhísí ar fáil lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha.
|
|
EULAW
|
Airteagal 28 3
3. Mar chuid dá gcreat bainistíochta riosca TFC, coinneoidh eintitis airgeadais, ar leibhéal eintitis, agus ar leibhéal fo-chomhdhlúite agus comhdhlúite, clár faisnéise ar bun i ndáil le gach socrú conarthach maidir le húsáid seirbhísí TFC a sholáthraíonn soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí, agus tabharfaidh siad an clár sin cothrom le dáta freisin.
Déanfar na socruithe conarthacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír a dhoiciméadú go cuí, agus idirdhealú á dhéanamh idir na socruithe sin lena gcumhdaítear seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha agus na socruithe nach gcumhdaítear na feidhmeanna sin leo.
Tabharfaidh eintitis airgeadais, uair sa bhliain ar a laghad, tuairisc do na húdaráis inniúla faoin líon socruithe nua maidir le húsáid seirbhísí TFC, faoi na catagóirí soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí, faoin gcineál socruithe conarthacha agus faoi na seirbhísí agus na feidhmeanna TFC atá á soláthar.
Cuirfidh eintitis airgeadais ar fáil don údarás inniúil, arna iarraidh sin, an clár faisnéise iomlán nó de réir mar a iarrtar, ranna sonraithe de, mar aon le haon fhaisnéis a mheastar gur gá í chun maoirseacht éifeachtach ar an eintiteas airgeadais a chumasú.
Cuirfidh eintitis airgeadais an t-údarás inniúil ar an eolas faoi aon socrú conarthach pleanáilte maidir le húsáid seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha go tráthúil agus nuair a bheidh feidhm tagtha chun bheith ina feidhm chriticiúil nó thábhachtach freisin.
|
|
EULAW
|
Airteagal 28 6
6. Agus cearta rochtana, cigireachta agus iniúchóireachta á bhfeidhmiú maidir le soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí, cinnfidh eintitis airgeadais, ar bhonn cur chuige rioscabhunaithe, minicíocht na n-iniúchtaí agus na gcigireachtaí chomh maith leis na réimsí a bheidh le hiniúchadh, roimh ré, trí bheith ag cloí le caighdeáin iniúchóireachta a bhfuil glacadh coitianta leo i gcomhréir le haon treoir mhaoirseachta maidir leis na caighdeáin iniúchóireachta sin a úsáid agus a chuimsiú.
I gcás socruithe conarthacha arna dtabhairt i gcrích le soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí maidir leis an úsáid a bhaintear as seirbhísí TFC agus a mbaineann ardleibhéal castachta teicniúla leo, fíoróidh an t-eintiteas airgeadais go mbeidh scileanna agus eolas iomchuí ag iniúchóirí, bídís inmheánach nó seachtrach, nó ag comhthiomsú iniúchóirí, chun na hiniúchtaí agus na measúnuithe ábhartha a dhéanamh go héifeachtach.
|
|
EULAW
|
Airteagal 11 4
4. Déanfaidh eintitis airgeadais pleananna leanúnachais gnó TFC iomchuí a chur i bhfeidhm, a choinneáil ar bun, agus a thástáil go tréimhsiúil, go háirithe maidir le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha arna seachfhoinsiú nó arna gcur amach ar conradh trí shocruithe le soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí.
|
|
EULAW
|
Airteagal 28 1
1. Déanfaidh eintitis airgeadais riosca TFC tríú páirtí a bhainistiú mar chomhpháirt lárnach de riosca TFC laistigh dá gcreat bainistíochta riosca TFC dá dtagraítear in Airteagal 6(1), agus i gcomhréir leis na prionsabail seo a leanas:
|
(a)
|
maidir le heintitis airgeadais a bhfuil socruithe conarthacha i bhfeidhm acu maidir le húsáid seirbhísí TFC chun a n-oibríochtaí gnó a reáchtáil, beidh iomlán na freagrachta i gcónaí orthu as cloí le gach oibleagáid faoin Rialachán seo agus faoi dhlí seirbhísí airgeadais is infheidhme agus as gach oibleagáid den sórt sin a chomhlíonadh;
|
|
(b)
|
cuirfear bainistíocht riosca TFC tríú páirtí na n-eintiteas airgeadais chun feidhme i bhfianaise phrionsabal na comhréireachta, agus na nithe seo a leanas á gcur san áireamh:
|
(i)
|
cineál, scála, castacht agus tábhacht na spleáchas a bhaineann le TFC,
|
|
(ii)
|
na rioscaí a eascraíonn as socruithe conarthacha maidir le húsáid seirbhísí TFC a dhéantar le soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí, agus criticiúlacht nó tábhacht na seirbhíse, an phróisis nó na feidhme faoi seach á cur san áireamh, agus an tionchar féideartha ar leanúnachas agus cáilíocht na seirbhísí agus na ngníomhaíochtaí airgeadais, ar leibhéal aonair agus leibhéal grúpa.
|
|
|
|
EULAW
|
Airteagal 28 4
4. Sula ndéanfar socrú conarthach maidir le húsáid seirbhísí TFC, déanfaidh eintitis airgeadais an méid seo a leanas:
|
(a)
|
measúnú cibé acu a chumhdaítear nó nach gcumhdaítear lei an socrú conarthach úsáid seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhm chriticiúil nó thábhachtach;
|
|
(b)
|
measúnú cibé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar coinníollacha maoirseachta;
|
|
(c)
|
gach riosca ábhartha i ndáil leis an socrú conarthach a shainaithint agus a mheasúnú, lena n-áirítear an fhéidearthacht go bhféadfadh socrú conarthach den sórt sin cuidiú le riosca TFC maidir le comhchruinniú a threisiú, mar a thagraítear dó in Airteagal 29;
|
|
(d)
|
gach dícheall cuí a dhéanamh maidir le soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí ionchasacha agus a áirithiú go mbeidh an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí oiriúnach i rith an phróisis roghnúcháin agus mheasúnaithe ar fad;
|
|
(e)
|
coimhlintí leasa a bhféadfadh an socrú conarthach a bheith ina gcúis leo a shainaithint agus a mheasúnú.
|
|
|
EULAW
|
Airteagal 28 5
5. Ní fhéadfaidh eintitis airgeadais socruithe conarthacha a dhéanamh ach amháin le soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí a chomhlíonann caighdeáin slándála faisnéise iomchuí. I gcás ina mbaineann na socruithe conarthacha sin le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha, cuirfidh eintitis airgeadais san áireamh go cuí, sula dtabharfar na socruithe i gcrích, an úsáid a bhaineann soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí as na caighdeáin slándála faisnéise is cothroime le dáta agus ar an gcáilíocht is airde.
|
|
EULAW
|
Airteagal 28 8
8. Maidir le seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha, cuirfidh eintitis airgeadais straitéisí scoir i bhfeidhm. Cuirfear san áireamh leis na straitéisí scoir rioscaí a d’fhéadfadh teacht chun cinn ar leibhéal na soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí, go háirithe mainneachtain fhéideartha na soláthraithe sin, meath ar cháilíocht na seirbhísí TFC a sholáthraítear, aon bhriseadh sa ghníomhaíocht ghnó mar gheall ar sholáthar míchuí seirbhísí TFC nó ar mhainneachtain ar an soláthar seirbhísí nó aon riosca ábharach a thagann chun cinn i ndáil le húsáid chuí leanúnach na seirbhíse TFC faoi seach, nó i gcás ina ndéanfar socruithe conarthacha le soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí a fhoirceannadh faoi aon cheann de na himthosca a liostaítear i mír 7.
Áiritheoidh eintitis airgeadais go mbeidh siad in ann deireadh a chur le socruithe conarthacha:
|
(a)
|
gan briseadh ina ngníomhaíochtaí gnó,
|
|
(b)
|
gan comhlíontacht le ceanglais rialála a theorannú,
|
|
(c)
|
gan dochar do leanúnachas agus cáilíocht na seirbhísí a sholáthraítear do chliaint.
|
Beidh pleananna scoir cuimsitheach, doiciméadaithe agus, i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 4(2), déanfar tástáil leordhóthanach agus athbhreithniú rialta orthu.
Sainaithneoidh eintitis airgeadais réitigh mhalartacha agus forbróidh siad pleananna idirthréimhseacha lena gcuirfear ar a gcumas dóibh na seirbhísí TFC conarthacha agus na sonraí ábhartha a bhaint den soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí agus iomlán na bhfeidhmeanna a aistriú go sábháilte chuig soláthraithe malartacha nó iad a athchuimsiú ina bhfeidhmeanna inmheánacha.
Beidh bearta teagmhasacha iomchuí i bhfeidhm ag eintitis airgeadais chun leanúnachas gnó a choinneáil ar bun i gcás ina dtarlóidh na himthosca ar fad dá dtagraítear sa chéad fhomhír.
|
|
EULAW
|
Airteagal 29 1
1. Agus na rioscaí dá dtagraítear in Airteagal 28(4), pointe (c), á sainaithint agus á measúnú acu, cuirfidh eintitis airgeadais san áireamh freisin an mbeadh aon cheann de na nithe seo a leanas ann mar thoradh ar thabhairt i gcrích beartaithe socraithe conarthaigh maidir le seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha:
|
(a)
|
conradh á dhéanamh le soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí nach éasca a ionadú; nó
|
|
(b)
|
socruithe conarthacha iolracha a bheith i bhfeidhm i ndáil le soláthar seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha leis an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí céanna nó le soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí a bhfuil dlúthcheangal acu le chéile.
|
Measfaidh eintitis airgeadais na tairbhí agus na costais a bhaineann le réitigh mhalartacha, amhail úsáid soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí difriúla, á chur san áireamh conas a thagann réitigh a bheartaítear leis na riachtanais ghnó agus na cuspóirí gnó a leagtar amach ina straitéis athléimneachta digití.
|
|
EULAW
|
Airteagal 29 2
2. I gcás ina n-áireofar sna socruithe conarthacha maidir le húsáid seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha an fhéidearthacht go ndéanfaidh soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí fochonrú breise ar sheirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhm chriticiúil nó thábhachtach do sholáthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí eile, measfaidh eintitis airgeadais na tairbhí agus na rioscaí a d’fhéadfadh teacht chun cinn i dtaca le fochonraitheoireacht den sórt sin, go háirithe i gcás fochonraitheoir TFC atá bunaithe i dtríú tír.
I gcás ina mbainfidh socruithe conarthacha le seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha, measfaidh eintitis airgeadais go cuí na forálacha dlí maidir le dócmhainneacht arbh infheidhme iad i gcás fhéimheacht an tsoláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí chomh maith le haon srianta a d’fhéadfadh teacht chun cinn i leith sonraí an eintitis airgeadais a athshlánú go práinneach.
I gcás ina ndéanfar socruithe conarthacha maidir le húsáid seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha a thabhairt i gcrích le soláthraí seirbhísí tríú páirtí TFC atá bunaithe i dtríú tír, déanfaidh eintitis airgeadais, sa bhreis ar na gnéithe dá dtagraítear sa dara fomhír, comhlíonadh rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí agus forfheidhmiú éifeachtach an dlí sa tríú tír sin a mheas freisin.
I gcás ina bhforálfar sna socruithe conarthacha maidir le húsáid seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha d’fochonraitheoireacht, measúnóidh eintitis airgeadais cibé acu a fhéadfadh nó nach bhféadfadh slabhraí, a d’fhéadfadh a bheith ina slabhraí fochonraitheoireachta fada nó casta, dul i bhfeidhm ar a gcumas faireachán iomlán a dhéanamh ar na feidhmeanna conarthacha agus dul i bhfeidhm ar chumas an údaráis inniúil maoirseacht éifeachtach a dhéanamh ar an eintiteas airgeadais ina leith sin, agus conas a d’fhéadfadh na slabhraí sin dul i bhfeidhm amhlaidh.
|
|