|
+Airteagal 122 1. |
Airteagal 122 1.Chun a fhreagrachtaí maoirseachta faoi Airteagal 117 a chomhlíonadh, féadfaidh ÚBE trí iarraidh shimplí nó trí chinneadh a cheangal ar na daoine seo a leanas an fhaisnéis ar fad atá de dhíth a sholáthar chun cur ar chumas ÚBE a chuid dualgas a dhéanamh faoin Rialachán seo:
(a)
eisitheoir comhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh nó duine a rialaíonn eisitheoir comhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh, nó duine atá faoi rialú díreach nó indíreach eisitheoir comhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh;
(b)
tríú páirtí amhail dá dtagraítear in Airteagal 34(5), an chéad fhomhír, pointe (h), a bhfuil socrú conarthach ag eisitheoir comhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh leis;
(c)
soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní, institiúid creidmheasa nó gnólacht infheistíochta a áirithíonn cumhdach na gcúlsócmhainní i gcomhréir le hAirteagal 37;
(d)
eisitheoir comhartha ríomh-airgid shuntasaigh nó duine a rialaíonn eisitheoir comhartha ríomh-airgid shuntasaigh, nó duine atá faoi rialú díreach nó indíreach eisitheoir comhartha ríomh-airgid shuntasaigh;
(e)
soláthraí seirbhísí íocaíochta a sholáthraíonn seirbhísí íocaíochta i ndáil le comharthaí ríomh-airgid suntasacha;
(f)
duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil mar chúram air comharthaí ríomh-airgid suntasacha a dháileadh thar ceann eisitheoir comharthaí ríomh-airgid suntasacha;
(g)
soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthraíonn cumhdach agus riar cripteashócmhainní thar ceann cliant i ndáil le comharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha nó le comharthaí ríomh-airgid suntasacha;
(h)
oibreoir ardáin trádála le haghaidh cripteashócmhainní a lig comhartha sócmhainn-tagartha suntasach nó comhartha ríomh-airgid suntasach isteach chun a thrádála;
(i)
comhlacht bainistíochta na ndaoine dá dtagraítear i bpointí (a) go (h). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|