2. Féadfaidh an t-oifigeach cosanta sonraí moltaí a dhéanamh leis an rialaitheoir agus leis an bpróiseálaí maidir le feabhas praiticiúil a chur ar an gcosaint sonraí agus comhairle a chur orthu maidir le forálacha i ndáil le cosaint sonraí a chur i bhfeidhm. Féadfaidh sé nó sí, anuas air sin, dá thionscnamh nó dá tionscnamh féin nó arna iarraidh sin ag an rialaitheoir nó ag an bpróiseálaí, ag an gCoiste Foirne lena mbaineann nó ag duine aonair ar bith, imscrúdú a dhéanamh ar ábhar agus ar tharluithe a bhaineann lena chúram nó a cúram agus a thagann chun a aire nó a haire, agus tuairisciú ar ais, mar is iomchuí, don té a d’iarr an t-imscrúdú nó don rialaitheoir nó don phróiseálaí.