Airteagal 61
Comhar idir an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta
Comhoibreoidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí le húdaráis náisiúnta mhaoirseachta agus leis an gcomhúdarás maoirseachta arna bhunú faoi Airteagal 25 de Chinneadh 2009/917/CGB ón gComhairle (19) a oiread agus is gá chun a gcuid dualgas faoi seach a fheidhmiú, go háirithe trí fhaisnéis ábhartha a chur ar fáil dá chéile, trí iarraidh ar a chéile a gcuid cumhachtaí a fheidhmiú agus trí iarrataí a chéile a fhreagairt.