+CHAPTER VI Family benefits
---+Airteagal 58 Rialacha tosaíochta i gcás forluí
---+Airteagal 59 Na rialacha a bheidh infheidhme i gcás ina dtiocfaidh athrú ar an reachtaíocht atá infheidhme agus/nó ar an inniúlacht chun sochair teaghlaigh a dheonú
------+Article 59 1.
------+Article 59 2.
---+Airteagal 60 Nós imeachta chun Airteagal 67 agus Airteagal 68 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm
------+Article 60 1.
------+Article 60 2.
------+Article 60 3.
------+Article 60 4.
------+Article 60 5.
---+Airteagal 61 Nós imeachta chun Airteagal 69 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm

CHAPTER VI Family benefits

CHAPTER VI Family benefits

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 58 Rialacha tosaíochta i gcás forluí

Airteagal 58

Rialacha tosaíochta i gcás forluí

Chun críocha Airteagal 68(1)(b)(i) agus (ii) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm, i gcás nach bhféadfar an t-ord tosaíochta a bhunú ar bhonn áit chónaithe na leanaí, déanfaidh gach Ballstát lena mbaineann méid na sochar a ríomh, ag cur san áireamh na leanaí nach bhfuil cónaí orthu laistigh dá chríoch féin. I gcás ina gcuirfear Airteagal 68(1)(b)(i) i bhfeidhm, is í institiúid inniúil an Bhallstáit a ndéanann a reachtaíocht foráil don leibhéal is airde sochar a íocfaidh méid iomlán na sochar sin, agus is í institiúid inniúil an Bhallstáit eile a dhéanfaidh leath na suime seo, nach rachaidh thar theorainn an méid dá bhforáiltear i reachtaíocht an Bhallstáit dheireanaigh sin, a aisíoc léi.

Airteagal 59 Na rialacha a bheidh infheidhme i gcás ina dtiocfaidh athrú ar an reachtaíocht atá infheidhme agus/nó ar an inniúlacht chun sochair teaghlaigh a dheonú

Airteagal 59

Na rialacha a bheidh infheidhme i gcás ina dtiocfaidh athrú ar an reachtaíocht atá infheidhme agus/nó ar an inniúlacht chun sochair teaghlaigh a dheonú

1.  I gcás ina dtiocfaidh athrú ar an reachtaíocht infheidhme agus/nó ar an inniúlacht chun sochair teaghlaigh a dheonú idir Ballstáit i gcaitheamh míosa féilire, beag beann ar dhátaí íoctha na sochar teaghlaigh faoi reachtaíocht na mBallstát sin, an institiúid a d’íoc na sochair teaghlaigh ag tús na míosa sin de bhua na reachtaíochta faoinar deonaíodh na sochair, leanfaidh sí ag déanamh amhlaidh go dtí deireadh na míosa reatha.

2.  Cuirfidh sí institiúid an Bhallstáit eile nó na mBallstát eile ar an eolas maidir leis an dáta a scoirfidh sí de bheith ag íoc na sochar teaghlaigh sin. Tosóidh íoc na sochar ón mBallstát eile nó ó na Ballstáit eile lena mbaineann ón dáta sin.

Airteagal 60 Nós imeachta chun Airteagal 67 agus Airteagal 68 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm

Airteagal 60

Nós imeachta chun Airteagal 67 agus Airteagal 68 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm

1.  Seolfar an t-iarratas ar shochair teaghlaigh chuig an institiúid inniúil. Chun críocha Airteagal 67 agus Airteagal 68 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm, déanfar staid an teaghlaigh ar fad a chur san áireamh amhail is dá mba faoi réir reachtaíocht an Bhallstáit lena mbaineann a bhí na daoine ar fad atá i gceist agus amhail is dá mba ina gcónaí ann a bhí siad, go háirithe maidir le teidlíocht duine chun na sochair sin a éileamh. I gcás duine atá i dteideal na sochar a éileamh ach nach bhfeidhmíonn an ceart sin, cuirfidh institiúid inniúil Ballstáit, a bhfuil a reachtaíocht infheidhme, san áireamh iarratas ar shochair teaghlaigh a thíolacfaidh an tuismitheoir eile nó duine a chaitear leis nó léi mar thuismitheoir nó duine nó institiúid atá ag gníomhú mar chaomhnóir an linbh nó na leanaí.

2.  Déanfaidh an institiúid a ndéanfar iarratas chuici i gcomhréir le mír 1 scrúdú ar an iarratas ar bhonn na faisnéise mionsonraithe a sholáthróidh an t-iarratasóir, agus staid fhoriomlán dáiríre agus staid dhlíthiúil theaghlach an iarratasóra á gcur san áireamh aici.

Má chinneann an institiúid sin go bhfuil a reachtaíocht infheidhme trí cheart tosaíochta i gcomhréir le hAirteagal 68(1) agus (2) den bhun-Rialachán, soláthróidh sí na sochair teaghlaigh de réir na reachtaíochta a chuireann sí i bhfeidhm.

Más léir, i dtuairim na hinstitiúide sin, gurbh fhéidir gurbh ann do theidlíocht chun forlíonadh dhifreálaigh de bhua reachtaíochta Ballstáit eile i gcomhréir le hAirteagal 68(2) den bhun-Rialachán, cuirfidh an institiúid sin an t-iarratas ar aghaidh chuig institiúid inniúil an Bhallstáit eile gan mhoill agus cuirfidh sí an duine lena mbaineann ar an eolas; ina theannta sin, cuirfidh sí institiúid an Bhallstáit eile ar an eolas maidir lena cinneadh i leith an iarratais agus méid na sochar teaghlaigh a íocfar.

3.  I gcás ina gcinnfidh an institiúid a ndéanfar iarratas chuici go bhfuil a reachtaíocht infheidhme ach nach trí cheart tosaíochta i gcomhréir le hAirteagal 68(1) nó (2) den bhun-Rialachán é, glacfaidh sí cinneadh sealadach gan mhoill maidir leis na rialacha tosaíochta a bheidh le cur i bhfeidhm agus cuirfidh sí an t-iarratas ar aghaidh de réir Airteagal 68(3) den bhun-Rialachán chuig institiúid an Bhallstáit eile agus cuirfidh sí an t-iarratasóir ar an eolas faoi sin freisin. Glacfaidh an institiúid seasamh maidir leis an gcinneadh sealadach sin laistigh de dhá mhí.

Mura nglacfaidh an institiúid a gcuirfear an t-iarratas ar aghaidh chuici seasamh laistigh den tréimhse thuasluaite, beidh feidhm ag an gcinneadh sealadach dá dtagraítear thuas agus íocfaidh an institiúid sin na sochair dá bhforáiltear faoina reachtaíocht agus cuirfidh sí an institiúid a ndearnadh an t-iarratas chuici ar an eolas faoi mhéid na sochar a íocfar.

4.  I gcás ina mbeidh easaontas ann idir na hinstitiúidí lena mbaineann maidir leis an reachtaíocht atá infheidhme de réir cheart na tosaíochta, beidh feidhm ag Airteagal 6(2) go dtí (5) den Rialachán cur chun feidhme. Chun na críche sin, is éard a bheidh in institiúid na háite cónaithe dá dtagraítear in Airteagal 6(2) den Rialachán cur chun feidhme institiúid áit chónaithe an linbh nó na leanaí.

5.  Má d’íoc an institiúid a sholáthair na sochair ar bhonn sealadach níos mó ná an méid a bhfuil sí freagrach as faoi dheoidh, féadfaidh sí aisíoc an fharasbairr a éileamh ón institiúid ar uirthi atá an phríomhfhreagracht i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 73 den Rialachán cur chun feidhme.

Airteagal 61 Nós imeachta chun Airteagal 69 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm

Airteagal 61

Nós imeachta chun Airteagal 69 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm

Chun críocha Airteagal 69 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm, déanfaidh an Coimisiún Riaracháin liosta de na sochair teaghlaigh bhreise nó na sochair teaghlaigh speisialta do dhílleachtaí a chumhdaítear leis an Airteagal sin. Mura bhforáiltear go ndeonóidh an institiúid atá inniúil, trí cheart na tosaíochta, sochair teaghlaigh breise nó sochair teaghlaigh speisialta den sórt sin do dhílleachtaí, faoin reachtaíocht a chuireann sí i bhfeidhm, cuirfidh sí aon iarratas ar shochair teaghlaigh ar aghaidh gan mhoill, mar aon leis na doiciméid ábhartha uile agus gach faisnéis ábhartha, chuig institiúid an Bhallstáit is faide a raibh an duine lena mbaineann faoi réir a reachtaíochta agus a sholáthraíonn sochair teaghlaigh bhreise nó speisialta do dhílleachtaí. I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh sé sin a chiallú go ndéanfaí tarchur ar ais, faoi na coinníollacha céanna, chuig institiúid an Bhallstáit ar faoina reachtaíocht a chuir an duine lena mbaineann isteach na tréimhsí árachais nó cónaithe ba ghiorra.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas