+Airteagal 17 Dreasachtaí rialála
---+Airteagal 17 1.
---+Airteagal 17 2.
---+Airteagal 17 3.
---+Airteagal 17 4.
---+Airteagal 17 5.
---+Airteagal 17 6.
---+Airteagal 17 7.
|
Airteagal 17 Dreasachtaí rialála
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 17 1.
|
I gcás ina dtabhaíonn tionscnóir tionscadail rioscaí níos airde maidir le forbairt, tógáil, feidhmiú nó cothabháil tionscadail leasa choitinn a thagann faoi inniúlacht údarás rialála náisiúnta, nuair a chuirtear i gcomparáid iad leis na rioscaí arna dtabhú ag tionscadal bonneagair inchomparáide de ghnáth, féadfaidh na Ballstáit agus na húdaráis rialála náisiúnta dreasachtaí iomchuí a dheonú don tionscadal sin i gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009, Airteagal 18(1) agus Airteagal 18(3) go (6), de Rialachán (AE) 2019/943, Airteagal 41(8) de Threoir 2009/73/CE agus Airteagal 58, pointe (f), de Threoir (AE) 2019/944. Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír i gcás ina bhfuil díolúine faighte ag an tionscadal leasa choitinn:
(a)
ó Airteagail 32, 33, agus 34 agus ó Airteagal 41(6), (8) agus (10) de Threoir 2009/73/CE de bhun Airteagal 36 den Treoir sin;
(b)
ó Airteagal 19(2) agus (3) de Rialachán (AE) 2019/943 nó ó Airteagal 6, Airteagal 59(7) agus Airteagal 60(1) de Threoir (AE) 2019/944 de bhun Airteagal 63 de Rialachán (AE) 2019/943;
(c)
de bhun Airteagal 36 de Threoir 2009/73/CE;
(d)
de bhun Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009.
|
|
Airteagal 17 2.
|
I gcás cinneadh lena ndéantar na dreasachtaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dheonú, breithneoidh na húdaráis rialála náisiúnta torthaí na hanailíse costais is tairbhe atá comhsheasmhach leis an modheolaíocht arna tarraingt suas de bhun Airteagal 11 agus go háirithe na seachtrachtaí dearfacha réigiúnacha nó uile-Aontais arna nginiúint ag an tionscadal. Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta tuilleadh anailíse ar na rioscaí sonracha arna dtabhú ag na tionscnóirí tionscadail, ar na bearta maolaithe riosca arna ndéanamh agus ar na cúiseanna atá leis an bpróifíl riosca i bhfianaise an ghlantionchair dhearfaigh arna chur ar fáil ag an tionscadal, i gcomparáid le rogha eile lena mbaineann riosca níos ísle. Áireofar go háirithe ar rioscaí incháilithe rioscaí a bhaineann le teicneolaíochtaí nua tarchurtha, ar tír agus amach ón gcósta araon, rioscaí a bhaineann le haisghabháil neamhiomlán costas agus rioscaí forbartha.
|
|
Airteagal 17 3.
|
Sa chinneadh chun na dreasachtaí a dheonú, cuirfear cineál sonrach an riosca arna thabhú san áireamh agus féadfar dreasachtaí a dheonú a chumhdóidh, inter alia, ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas:
(a)
na rialacha maidir le hinfheistíocht oirchilleach;
(b)
na rialacha maidir le sainaithint costas arna dtabhú go héifeachtúil roimh choimisiúnú an tionscadail;
(c)
na rialacha lena ndéantar foráil do thoradh breise a fháil ar an gcaipiteal arna infheistiú le haghaidh an tionscadail;
(d)
aon bheart eile a mheastar a bheith riachtanach agus iomchuí.
|
|
Airteagal 17 4.
|
Faoin 24 Eanáir 2023, cuirfidh gach údarás rialála náisiúnta faoi bhráid na Gníomhaireachta a mhodheolaíocht agus na critéir arna n-úsáid chun meastóireacht a dhéanamh ar infheistíochtaí i dtionscadail bonneagair fuinnimh agus ar na rioscaí níos airde arna dtabhú leis na tionscadail sin, arna nuashonrú i bhfianaise na bhforbairtí reachtacha, beartais, teicniúla agus margaidh is déanaí. Leis an modheolaíocht agus na critéir sin tabharfar aghaidh go sainráite freisin ar na rioscaí sonracha arna dtabhú ag eangacha amach ón gcósta le haghaidh fuinneamh in-athnuaite dá dtagraítear i bpointe (1)(f) d’Iarscríbhinn II agus ag tionscadail a thabhaíonn caiteachas oibríochtúil suntasach cé go bhfuil caiteachas caipitil íseal acu.
|
|
Airteagal 17 5.
|
Faoin 24 Meitheamh 2023, agus aird chuí á tabhairt ar an bhfaisnéis a fuarthas de bhun mhír 4 den Airteagal seo, déanfaidh an Ghníomhaireacht comhroinnt dea-chleachtas a éascú agus déanfaidh sí moltaí i gcomhréir le hAirteagal 6(2) de Rialachán (AE) 2019/942:
(a)
maidir leis na dreasachtaí dá dtagraítear i mír 1 ar bhonn thagarmharcáil an dea-chleachtais arna déanamh ag údaráis rialála náisiúnta;
(b)
maidir le modheolaíocht choiteann chun meastóireacht a dhéanamh ar rioscaí níos airde arna dtabhú i gcás infheistíochtaí i dtionscadail bonneagair fuinnimh.
|
|
Airteagal 17 6.
|
Faoin 24 Meán Fómhair 2023, foilseoidh gach údarás rialála náisiúnta a mhodheolaíocht agus na critéir arna n-úsáid chun meastóireacht a dhéanamh ar infheistíochtaí i dtionscadail bonneagair fuinnimh agus ar na rioscaí níos airde arna dtabhú leo.
|
|
Airteagal 17 7.
|
Nuair nach leordhóthanach iad na bearta dá dtagraítear i mír 5 agus i mír 6 chun cur chun feidhme tráthúil na dtionscadal leasa choitinn a áirithiú, féadfaidh an Coimisiún treoirlínte a eisiúint maidir leis na dreasachtaí a leagtar síos san Airteagal seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|