|
+Airteagal 10a 1. |
Airteagal 10a 1.►M6 I gcás ina mbeidh an ceanglas maoláin chomhcheangailte á chomhlíonadh ag eintiteas agus an ceanglas sin á bhreithniú sa bhreis ar gach ceann de na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 141a(1), pointí (a), (b) agus (c), de Threoir 2013/36/AE, ach nach ndéanann sé an ceanglas maoláin chomhcheangailte a chomhlíonadh nuair a dhéantar é a bhreithniú sa bhreis ar na ceanglais dá dtagraítear in Airteagail 12d agus 12e den Rialachán seo, agus é sin á ríomh i gcomhréir le hAirteagal 12a(2), pointe (a), den Rialachán seo, beidh de chumhacht ag an mBord, i gcomhréir le mír 2 agus mír 3 den Airteagal seo, ordú a thabhairt don údarás réitigh náisiúnta toirmeasc a chur ar eintiteas, níos mó ná an t-uasmhéid indáilte a bhaineann leis an íoscheanglas le haghaidh cistí dílse agus dliteanas incháilithe (“M-MDA”), arna ríomh i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo, a dháileadh, trí aon cheann de na gníomhaíochtaí a leanas: ◄
(a)
dáileachán a dhéanamh i ndáil le caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1;
(b)
oibleagáid a chruthú chun luach saothair inathraitheach nó sochair phinsin lánroghnacha a íoc, nó luach saothair inathraitheach a íoc más rud é gur cruthaíodh an oibleagáid chun íoc tráth ar mhainnigh an t-eintiteas an ceanglas maoláin chomhcheangailte a chomhlíonadh; nó
(c)
íocaíochtaí a dhéanamh ar ionstraimí Breise Leibhéal 1. I gcás ina mbeidh eintiteas sa chás dá dtagraítear sa chéad fhomhír, tabharfaidh sé fógra láithreach don údarás réitigh náisiúnta agus don Bhord maidir leis an mainneachtain sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|