+Airteagal 12g 2.

Airteagal 12g 2.

Déanfar an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 12a(1) ar eintitis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chomhlíonadh le ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas a úsáid:

(a) 

dliteanais ar fíor an méid seo a leanas ina leith:

(i) 

eisítear iad don eintiteas réitigh agus ceannaíonn an t-eintiteas sin iad, go díreach nó go hindíreach, trí eintitis eile sa ghrúpa réitigh céanna a cheannaigh na dliteanais ón eintiteas atá faoi réir an Airteagail seo, nó eisítear iad do scairshealbhóir atá ann cheana nach bhfuil sa ghrúpa réitigh céanna agus arb é an scairshealbhóir sin a cheannaíonn iad, chomh fada agus nach ndéantar difear, le feidhmiú na cumhachta díluachála nó comhshó i gcomhréir le hAirteagal 21, don rialú a dhéanann an t-eintiteas réitigh ar an bhfochuideachta;

(ii) 

comhlíonann siad na critéir incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 72a de Rialachán (AE) Uimh 575/2013, cé is moite de phointí (b), (c), (k), (l) agus (m) d'Airteagal 72b(2) agus Airteagal 72b(3) go (5) den Rialachán sin;

(iii) 

rangaítear iad, de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta, níos ísle ná dliteanais nach gcomhlíonann an coinníoll dá dtagraítear i bpointe (1) agus nach bhfuil incháilithe i dtaca le ceanglais cistí dílse;

(iv) 

tá siad faoi réir na cumhachta díluachála nó comhshó i gcomhréir le hAirteagal 21 ar shlí atá comhsheasmhach le straitéis réitigh an ghrúpa réitigh, is é sin go háirithe gan difear a dhéanamh don rialú a dhéanann an t-eintiteas réitigh ar an bhfochuideachta;

(v) 

ní dhéanann an institiúid, go díreach nó go hindíreach, úinéireacht a fháil na n-ionstraimí sin a chistiú;

(vi) 

ní thugtar le fios go sainráite ná go hintuigthe sna forálacha maidir leis na dliteanais go ndéanfaí na dliteanais a cheannach, a fhuascailt, a athcheannach nó a aisíoc go luath, de réir mar is infheidhme, ag an eintiteas faoi réir an Airteagail seo, ach amháin i gcás dhócmhainneacht nó leachtú an eintitis agus ní thugann an t-eintiteas sin an méid sin le fios ar aon slí eile;

(vii) 

ní thugann na forálacha maidir leis na dliteanais an ceart don sealbhóir dlús a chur faoi íocaíocht sceidealta an úis nó na príomhshuime amach anseo, ach amháin i gcás dhócmhainneacht nó leachtú an eintitis atá faoi réir an Airteagail seo;

(viii) 

ní dhéantar an leibhéal úis nó na híocaíochtaí díbhinne, de réir mar is infheidhme, a bheidh dlite i leith na ndliteanas, a leasú ar bhonn acmhainneacht chreidmheasa an eintitis atá faoi réir an Airteagail seo nó ar bhonn acmhainneacht chreidmheasa a mháthairghnóthais;

(b) 

cistí dílse, mar a leanas:

(i) 

caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1, agus

(ii) 

cistí dílse eile:

— 
a eisítear d'eintiteas a chuimsítear sa ghrúpa réitigh céanna agus ceannaíonn na heintitis sin iad, nó
— 
a eisítear d'eintitis nach gcuimsítear sa ghrúpa réitigh céanna agus ceannaíonn na heintitis sin iad chomh fada agus nach ndéantar difear, le feidhmiú na cumhachta díluachála nó comhshó i gcomhréir le hAirteagal 21, difear don rialú a dhéanann an t-eintiteas réitigh ar an bhfochuideachta.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas