|
+Airteagal 21 1. |
Airteagal 21 1.Feidhmeoidh an Bord an chumhacht chun ►M1 ionstraimí caipitil agus dliteanais incháilithe dá dtagraítear i mír 7a ◄ a dhíluacháil nó a chomhshó ag gníomhú dó faoin nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 18, maidir leis na heintitis agus na grúpaí dá dtagraítear in Airteagal 7(2), agus maidir leis na heintitis agus na grúpaí dá dtagraítear in Airteagl 7(4)(b) agus (5), i gcás ina mbeidh na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm na míreanna sin comhlíonta, ach ní dhéanfaidh sé an méid sin ach amháin, ar theachtaireacht a bheith faighte aige de bhun an dara fomhír nó ar a thionscnamh féin, nuair a mheasfaidh sé, ina sheisiún feidhmeannach dó, go gcomhlíontar ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha seo a leanas:
(a)
i gcás inar cinneadh nach mbeidh na coinníollacha maidir le réiteach comhlíonta a shonraítear in Airteagal 16 agus in Airteagal 18, sula nglacfar aon ghníomhaíocht réitigh;
(b)
nach mbeidh an t-eintiteas inmharthana a thuilleadh mura rud é go ndéanfar na h ►M1 ionstraimí caipitil agus dliteanais incháilithe dá dtagraítear i mír 7a ◄ ábhartha a dhíluacháil nó iad a chomhshó ina gcothromas;
(c)
i gcás ionstraimí caipitil ábhartha arna n-eisiúint ag fochuideachta agus más rud é go ndéanfar na hionstraimí caipitil ábhartha sin a aithint chun ceanglais cistí dílse a chomhlíonadh ar bhonn aonair agus ar bhonn comhdhlúite, mura rud é go bhfeidhmeofar an chumhacht díluachála nó chomhshó i ndáil leis na hionstraimí sin, ní bheidh an grúpa inmharthana a thuilleadh;
(d)
i gcás ionstraimí caipitil ábhartha arna n-eisiúint ar leibhéal máthairchuideachta agus más rud é go ndearnadh na hionstraimí caipitil ábhartha sin a aithint ar mhaithe le ceanglais cistí dílse a chomhlíonadh ar bhonn aonair ar leibhéal an máthairchuideachta nó ar bhonn comhdhlúite, mura rud é go bhfeidhmeofar an chumhacht díluachála nó chomhshó i ndáil leis na hionstraimí sin, ní bheidh an grúpa inmharthana a thuilleadh;
(e)
nach mbeidh tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách de dhíth ar an eintiteas nó ar an ngrúpa, seachas in aon cheann de na himthosca a leagtar amach i bpointe (d)(iii) d'Airteagal 18(4). Is é BCE a dhéanfaidh an measúnú ar na coinníollacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (a) go (d), den mhír seo, i gcás eintitis dá dtagraítear in Airteagal 7(2), pointe (a), nó is é an t-údarás inniúil náisiúnta ábhartha a dhéanfaidh é i gcás eintitis dá dtagraítear in Airteagal 7(2), pointe (b), Airteagal 7(4), pointe (b), agus Airteagal 7(5), agus is é an Bord, ina sheisiún feidhmiúcháin, i gcomhréir le leithdháileadh na gcúraimí de bhun an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 18(1) agus (2) a dhéanfaidh é. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|