+Airteagal 27 3.

Airteagal 27 3.

Ní bheidh na dliteanais seo a leanas, bídís á rialú le dlí Ballstáit nó le dlí tríú tíre, faoi réir díluachála nó comhshó:

(a) 

taiscí cumhdaithe;

(b) 

dliteanais urraithe lena n-áirítear bannaí cumhdaithe agus dliteanais i bhfoirm ionstraimí airgeadais a úsáidtear chun críocha fálaithe agus atá ina gcuid lárnach den chomhthiomsú cumhdaigh agus a ndéantar iad a urrú, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ar bhealach comhchosúil le bannaí cumhdaithe;

(c) 

aon dliteanas a eascraíonn de bhua sócmhainní nó airgead cliaint a bheith i seilbh institiúide nó eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2 den Rialachán seo, lena n-áirítear sócmhainní cliaint nó airgead cliaint atá ar seilbh thar ceann GCUIanna de réir mar a shainmhínítear in Airteagal 1(2) de Threoir 2009/65/CE nó CIManna de réir mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(a) de Threoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 9 ), ar choinníoll go mbeidh an cliant sin faoi chosaint an dlí dócmhainneachta is infheidhme;

(d) 

aon dliteanais a eascraíonn de bhua caidrimh mhuinínigh idir eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2 (mar mhuiníneach) agus duine eile (mar thairbhí), ar choinníoll go mbeidh an tairbhí sin faoi chosaint an dlí dócmhainneachta nó sibhialta is infheidhme;

(e) 

dliteanais i leith institiúidí, gan eintitis atá mar chuid den ghrúpa céanna a áireamh, a bhfuil aibíocht tosaigh níos lú ná seacht lá acu;

▼M1

(f) 

dliteanais a bhfuil aibíocht níos lú ná seacht lá fágtha iontu, atá dlite do chórais nó d'oibreoirí córas atá ainmnithe i gcomhréir le Treoir 98/26/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 10 ) nó dá rannpháirtithe agus a thagann as rannpháirtíocht i gcóras den chineál sin, nó do chontrapháirtithe lárnacha arna n-údarú san Aontas de bhun Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus contrapháirtithe lárnacha de chuid tríú tíortha arna n-aithint ag ESMA de bhun Airteagal 25 den Rialachán sin;

▼B

(g) 

dliteanas i leith aon cheann díobh seo a leanas:

(i) 

fostaí, maidir le tuarastal fabhraithe, sochair phinsin nó luach saothair socraithe eile, seachas comhpháirt athraitheach an luacha saothair nach bhfuil rialáilte le comhaontú cómhargála;

(ii) 

creidiúnaí tráchtála nó trádála a eascraíonn as earraí nó seirbhísí a sholáthar don institiúid nó don eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2, ar earraí agus seirbhísí iad atá fíor-riachtanach d'fheidhmiú laethúil a hoibríochtaí nó a oibríochtaí, lena n-áirítear seirbhísí TF, fóntais agus cíos, seirbhísiú agus cothabháil an áitribh, a bheith á gcur ar fáil aige don institiúid nó don eintiteas sin;

(iii) 

údaráis chánach agus údaráis slándála sóisialta, ar choinníoll go mbeidh tosaíocht ag na dliteanais sin faoin dlí is infheidhme;

(iv) 

scéimeanna ráthaithe taiscí a eascraíonn as ranníocaíochtaí atá dlite i gcomhréir le Treoir 2014/59/AE;

▼M1

(h) 

dliteanais i leith eintiteas dá dtagraítear i bpointe (a), (b), (c) nó (d) d'Airteagal 1(1) de Threoir 2014/59/AE atá mar chuid den aon ghrúpa réitigh amháin ach nach eintitis réitigh iad féin, beag beann ar a n-aibíochtaí ach amháin i gcás ina rangaítear na heintitis réitigh sin faoi ghnáthdhliteanais neamhurraithe faoi dhlí náisiúnta ábhartha an Bhallstáit rannpháirtigh lena rialaítear gnáthimeachtaí dócmhainneachta is infheidhme an 28 Nollaig 2020; i gcásanna ina bhfuil feidhm ag an eisceacht sin, déanfaidh an Bord a mheasúnú cé acu is leor nó nach leor líon na n-ítimí a chomhlíonann Airteagal 45g(2) chun go gcuirfí chun feidhme straitéis réitigh na tosaíochta.

▼B

Ní bheidh feidhm ag pointe (g)(i) den chéad fhomhír maidir leis an gcomhchuid inathraithe de luachsaothair ghlacadóirí riosca ábhartha mar a shainaithnítear in Airteagal 92(2) de Threoir 2013/36/AE.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas