+Airteagal 38 Fíneálacha
---+Airteagal 38 1.
---+Airteagal 38 2.
---+Airteagal 38 3.
---+Airteagal 38 4.
---+Airteagal 38 5.
---+Airteagal 38 6.
---+Airteagal 38 7.
---+Airteagal 38 8.
---+Airteagal 38 9.
|
Airteagal 38 Fíneálacha
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 38 1.
|
I gcás ina gcinnfidh an Bord go mbeidh eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2, d'aon ghnó nó go faillíoch, tar éis ceann de na sáruithe a liostaítear i mír 2 a dhéanamh, déanfaidh an Bord cinneadh lena bhforchuirtear fíneáil i gcomhréir le mír 3. Maidir le sárú arna dhéanamh ag eintiteas den sórt sin, measfar go ndearnadh d'aon ghnó é más ann d'imthosca oibiachtúla lena léirítear gur ghníomhaigh an t-eintiteas nó a chomhlacht bainistíochta nó a bhainistíocht shinsearach d'aon turas chun an sárú a dhéanamh.
|
|
Airteagal 38 2.
|
Déanfar fíneálacha a fhorchur ar na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 2 as na sáruithe seo a leanas:
(a)
i gcás nach soláthróidh siad an fhaisnéis a iarrtar i gcomhréir le hAirteagal 34;
(b)
i gcás nach ngéillfidh siad d'imscrúdú ginearálta i gcomhréir le hAirteagal 35 nó do chigireacht ar an láthair i gcomhréir le hAirteagal 36;
(c)
i gcás nach gcloífidh siad le cinneadh arna dhíriú ag an mBord chucu de bhun Airteagal 29.
|
|
Airteagal 38 3.
|
Is é a bheidh i méid bunúsach na bhfíneálacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ná céatadán den ghlanláimhdeachas bliantúil iomlán, lena n-áirítear an t-ollioncam atá comhdhéanta den ús infhála agus ioncam dá shamhail, ioncam ó scaireanna agus ó urrúis toraidh athraithigh nó toraidh sheasta eile, agus coimisiúin nó táillí infhála i gcomhréir le hAirteagal 316 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, a bhí ag an ngnóthas sa bhliain ghnó roimhe sin, nó, i gcás na mBallstát nach é an euro an t-airgeadra atá acu, an luach comhfhreagrach san airgeadas náisiúnta an 19 Lúnasa 2014, agus déanfar é a áireamh laistigh de na teorainneacha seo a leanas:
(a)
i gcás sáruithe dá dtagraítear i mír 2(a) agus i mír 2(b), is é a bheidh sa mhéid bunúsach ná 0,05 % ar a laghad agus ní rachaidh sé thar 0,15 %;
(b)
i gcás sáruithe dá dtagraítear i mír 2(c), is é a bheidh sa mhéid bunúsach ná 0,25 % ar a laghad agus ní rachaidh sé thar 0,5 %.
Chun a chinneadh ar cheart méid bunúsach na bhfíneálacha a shocrú ag ceann íochtair, ag lár nó ag ceann uachtair na dteorainneacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuirfidh an Bord san áireamh láimhdeachas bliantúil an eintitis lena mbaineann sa bhliain ghnó roimhe sin. Beidh an méid bunúsach ag ceann íochtair na teorann i gcás eintiteas ar lú a láimhdeachas bliantúil ná EUR 1 000 000 000 , beidh sé i lár na teorann i gcás na n-eintiteas a bhfuil a láimhdeachas bliantúil idir EUR 1 000 000 000 agus EUR 5 000 000 000 agus beidh sé ag ceann uachtair na teorann i gcás na n-eintiteas ar mó a láimhdeachas bliantúil ná EUR 5 000 000 000 .
|
|
Airteagal 38 4.
|
Déanfar na méideanna bunúsacha dá dtagraítear i mír 3 a choigeartú, más gá, trí na tosca géaraitheacha nó maolaitheacha dá dtagraítear i mír 5 agus i mír 6 a chur san áireamh, i gcomhréir leis na comhéifeachtaí ábhartha dá dtagraítear i mír 9. Is ceann ar cheann a dhéanfar gach comhéifeacht mhaolaitheach ábhartha a chur i bhfeidhm i leith an mhéid bhunúsaigh. Má tá níos mó ná comhéifeacht mhaolaitheach amháin infheidhme, déanfar an difríocht idir an méid bunúsach agus an méid a bheidh ann mar thoradh ar chur i bhfeidhm gach comhéifeachta maolaithí ar leith a dhealú ón méid bunúsach. Is ceann ar cheann a dhéanfar gach comhéifeacht ghéaraitheach ábhartha a chur i bhfeidhm i leith an mhéid bhunúsaigh. Má tá níos mó ná comhéifeacht ghéaraitheach amháin infheidhme, déanfar an difríocht idir an méid bunúsach agus an méid a bheidh ann mar thoradh ar chur i bhfeidhm gach comhéifeachta géaraithí ar leith a chur leis an méid bunúsach.
|
|
Airteagal 38 5.
|
Beidh feidhm ag na tosca géaraitheacha seo a leanas maidir leis na fíneálacha dá dtagraítear i mír 1:
(a)
an sárú a bheith déanta d'aon ghnó;
(b)
an sárú a bheith déanta arís agus arís eile;
(c)
an sárú a bheith déanta ar feadh tréimhse níos faide ná trí mhí;
(d)
gur léiríodh leis an sárú go bhfuil laigí sistéamacha in eagar an eintitis, go háirithe ina nósanna imeachta, ina chórais bhainistíochta nó ina rialuithe inmheánacha;
(e)
nach raibh aon ghníomhaíocht leighis glactha ón tráth ar sainaithníodh an sárú;
(f)
ní bheidh bainistíocht shinsearach an eintitis tar éis comhoibriú leis an mBord le linn a chuid imscrúduithe a bheith ar siúl ag an mBord.
|
|
Airteagal 38 6.
|
Beidh feidhm ag na tosca maolaitheacha seo a leanas maidir leis na fíneálacha dá dtagraítear i mír 1:
(a)
an sárú a bheith déanta ar feadh tréimhse níos lú ná 10 lá oibre;
(b)
is féidir le bainistíocht shinsearach an eintitis a léiriú go mbeidh na bearta uile is gá glactha chun an sárú a chosc;
(c)
beidh an t-eintiteas tar éis an sárú a thabhairt ar aird an Bhoird go tapa, go héifeachtach agus ar mhodh iomlán;
(d)
beidh bearta glactha dá dheoin féin ag an eintiteas chun a áirithiú nach féidir le sárú comhchosúil tarlú arís amach anseo.
|
|
Airteagal 38 7.
|
D'ainneoin mhír 2 go mír 6, ní rachaidh na fíneálacha atá le cur i bhfeidhm thar 1 % de láimhdeachas bliantúil a bhí ag an eintiteas lena mbaineann agus dá dtagraítear i mír 1 sa bhliain ghnó roimhe sin. De mhaolú ar an gcéad fhomhír, i gcás ina mbeidh an t-eintiteas, go díreach nó go hindíreach, tar éis tairbhe airgeadais a bhaint as an sárú sin agus i gcás inar féidir a chinneadh cad iad na brabúis a bheidh gnóthaithe nó na caillteanais a bheidh seachanta i ngeall ar an sárú, beidh an fhíneáil comhionann ar a laghad leis an tairbhe airgeadais sin. Más rud é, maidir le gníomh nó neamhghníomh eintitis dá dtagraítear i mír 1, go mbeidh níos mó ná sárú amháin de na sáruithe a liostaítear i mír 2 san áireamh ann, ní bheidh feidhm ach ag an bhfíneáil is airde, ar fíneáil í a ríomhtar i gcomhréir leis an Airteagal seo agus a bhaineann le ceann amháin de na sáruithe sin.
|
|
Airteagal 38 8.
|
Sna cásanna nach gcumhdaítear le mír 2, féadfaidh an Bord a mholadh do na húdaráis réitigh náisiúnta gníomhaíocht a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfar pionóis iomchuí a fhorchur i gcomhréir le hAirteagal 110 go hAirteagal 114 de Threoir 2014/59/AE agus le haon reachtaíocht náisiúnta ábhartha eile.
|
|
Airteagal 38 9.
|
Déanfaidh an Bord na comhéifeachtaí coigeartaithe seo a leanas, atá nasctha le tosca géaraitheacha, a chur i bhfeidhm nuair a bhíonn na fíneálacha á ríomh aige:
(a)
i gcás ina mbeidh an sárú déanta arís agus arís eile, beidh feidhm ag comhéifeacht bhreise 1,1 i ndáil le gach uair a rinneadh an sárú athuair;
(b)
i gcás ina mbeidh an sárú déanta ar feadh tréimhse níos faide ná trí mhí, beidh feidhm ag comhéifeacht 1,5;
(c)
i gcás ina mbeidh léirithe ag an sárú laigí sistéamacha in eagar an eintitis, go háirithe ina nósanna imeachta, ina chórais bhainistíochta nó ina rialuithe inmheánacha, beidh feidhm ag comhéifeacht 2,2;
(d)
i gcás ina mbeidh an sárú déanta d'aon ghnó, beidh feidhm ag comhéifeacht 2;
(e)
i gcás nach mbeidh aon ghníomhaíocht leighis déanta ón am a ndearnadh an sárú a shainaithint, beidh feidhm ag comhéifeacht 1,7;
(f)
i gcás nach mbeidh bainistíocht shinsearach an eintitis tar éis comhoibriú leis an mBord le linn don Bhord a chuid imscrúduithe a chur i gcrích, beidh feidhm ag comhéifeacht 1,5.
Déanfaidh an Bord na comhéifeachtaí coigeartaithe seo a leanas, atá nasctha le tosca maolaitheacha, a chur i bhfeidhm nuair a bhíonn na fíneálacha á ríomh aige:
(a)
i gcás ina mbeidh an sárú déanta ar feadh tréimhse níos lú ná 10 lá oibre, beidh feidhm ag comhéifeacht 0,9;
(b)
i gcás ina mbeidh bainistíocht shinsearach an eintitis in ann a léiriú go ndearna sí gach beart is gá chun an sárú a chosc, beidh feidhm ag comhéifeacht 0,7;
(c)
i gcás ina mbeidh an t-eintiteas tar éis an sárú a chur in iúl don Bhord ar bhealach tapa, éifeachtach agus iomlán, beidh feidhm ag comhéifeacht 0,4;
(d)
i gcás ina mbeidh an t-eintiteas, dá dheoin féin, tar éis bearta a dhéanamh chun a áirithiú nach féidir le sárú comhchosúil tarlú arís amach anseo, beidh feidhm ag comhéifeacht 0,6.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|