+Airteagal 56 Ceapachán agus cúraimí
---+Airteagal 56 1.
---+Airteagal 56 2.
---+Airteagal 56 3.
---+Airteagal 56 4.
---+Airteagal 56 5.
---+Airteagal 56 6.
---+Airteagal 56 7.
---+Airteagal 56 9.
|
Airteagal 56 Ceapachán agus cúraimí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 56 1.
|
Déanfaidh Cathaoirleach lánaimseartha cathaoirleacht ar an mBord.
|
|
Airteagal 56 2.
|
Beidh an Cathaoirleach freagrach as:
(a)
obair an Bhoird a ullmhú, ina sheisiúin iomlánach agus feidhmiúcháin, agus a chruinnithe a chomóradh agus a bheith ina chathaoirleach orthu;
(c)
gnóthaí riaracháin ó lá go lá;
▼M6
(d)
réamh-dhréachtbhuiséad agus dréachtbhuiséad an Bhoird a chur ar bun, i gcomhréir le hAirteagal 61, agus buiséad an Bhoird a chur chun feidhme, i gcomhréir le hAirteagal 63;
▼B
(f)
clár oibre bliantúil an Bhoird a chur chun feidhme;
(g)
dréacht den tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 45 a ullmhú, gach bliain, ina mbeidh roinn faoi ghníomhaíochtaí réitigh an Bhoird agus roinn faoi chúrsaí airgeadais agus riaracháin.
Agus na cúraimí dá dtagraítear san Airteagal seo á bhfheidhmiú ag an gCathaoirleach, tabharfaidh foireann tiomnaithe cabhair dó.
|
|
Airteagal 56 3.
|
Cabhróidh an Leas-Chathaoirleach leis an gCathaoirleach. Comhlíonfaidh an Leas-Chathaoirleach feidhmeanna an Chathaoirligh má bhíonn sé nó sí as láthair nó i gcás constaice réasúnta, i gcomhréir leis an Rialachán seo.
|
|
Airteagal 56 4.
|
Déanfar an Cathaoirleach, an Leas-Chathaoirleach agus na comhaltaí dá dtagraítear in Airteagal 43(1)(b) a cheapadh, ar bhonn fiúntais, scileanna, eolais ar chúrsaí baincéireachta agus airgeadais, agus ar bhonn taithí ábhartha a bhaineann le maoirseacht airgeadais, le rialáil airgeadais agus le réiteach bainc. Déanfar an Cathaoirleach, an Leas-Chathaoirleach agus na comhaltaí dá dtagraítear in Airteagal 43(1)(b) a roghnú ar bhonn nós imeachta roghnúcháin oscailte, a léireoidh urraim do phrionsabail na cothromaíochta inscne, na taithí agus na cáilíochta. Coinneofar Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas go cuí ina leith ag gach céim den nós imeachta sin agus ar shlí thráthúil.
|
|
Airteagal 56 5.
|
►M6
5 bliana a bheidh i dtéarma oifige an Chathaoirligh, an Leas-Chathaoirligh agus na comhaltaí dá dtagraitear in Airteagal 43(1), pointe (b). Ní bheidh an téarma sin in-athnuaite. ◄
Ní bheidh an Cathaoirleach, an Leas-Chathaoirleach ná na comhaltaí dá dtagraítear in Airteagal 43(1)(b) i seilbh aon oifige ar an leibhéal náisiúnta, ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal idirnáisiúnta.
|
|
Airteagal 56 6.
|
Tar éis dó an Bord a éisteacht, ina sheisiún iomlán, soláthróidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa gearrliosta iarrthóirí do phoist an Chathaoirligh, an Leas-Chathaoirligh agus na gcomhaltaí dá dtagraítear in Airteagal 43(1)(b) agus cuirfidh sé an Chomhairle ar an eolas faoin ngearrliosta. De mhaolú ar an gcéad fhomhír, déanfaidh an Coimisiún, gan éisteacht ón mBord, gearrliosta iarrthóirí a chur ar fáil maidir le ceapadh chéad chomhaltaí an Bhoird tar éis teacht i bhfeidhm an Rialacháin. Déanfaidh an Coimisiún togra i gcomhair cheapachán an Chathaoirligh, an Leas-Chathaoirligh agus na gcomhaltaí dá dtagraítear Airteagal 43(1)(b) a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa lena fhormheas. Tar éis an togra sin a bheith formheasta, glacfaidh an Chomhairle cinneadh cur chun feidhme maidir leis an gCathaoirleach, an Leas-Chathaoirleach agus na comhaltaí dá dtagraítear in Airteagal 43(1)(b) a cheapadh. Gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe.
|
|
Airteagal 56 7.
|
Fanfaidh an Cathaoirleach, an Leas-Chathaoirleach agus na comhaltaí dá dtagraítear in Airteagal 43(1), pointe (b), in oifig go dtí go gceapfar a gcomharbaí agus go rachaidh siad i mbun a gcuid dualgas i gcomhréir leis an gcinneadh ón gComhairle dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 56 9.
|
Mura gcomhlíonann Cathaoirleach nó an Leas-Chathaoirleach nó comhalta dá dtagraítear in Airteagal 43(1)(b) na coinníollacha a cheanglaítear d'fheidhmiú a chuid nó a cuid dualgas a thuilleadh nó má tá sé ciontach i mí-iompar tromchúiseach, féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún arna fhormheas ag Parlaimint na hEorpa, cinneadh cur chun feidhme a ghlacadh é nó í a chur as oifig. Gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe. Chun na gcríoch sin, féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle an Coimisiún ar chur ar an eolas go measann sí go bhfuil na coinníollacha chun an Cathaoirleach, an Leas-Chathaoirleach, nó na comhaltaí dá dtagraítear in Airteagal 43(1)(b) a chur as oifig comhlíonta, agus déanfaidh an Coimisiún freagairt ina thaobh sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|