|
+Airteagal 56 2. |
Airteagal 56 2.Beidh an Cathaoirleach freagrach as:
(a)
obair an Bhoird a ullmhú, ina sheisiúin iomlánach agus feidhmiúcháin, agus a chruinnithe a chomóradh agus a bheith ina chathaoirleach orthu;
(b)
gach gnó foirne;
(c)
gnóthaí riaracháin ó lá go lá;
(d)
réamh-dhréachtbhuiséad agus dréachtbhuiséad an Bhoird a chur ar bun, i gcomhréir le hAirteagal 61, agus buiséad an Bhoird a chur chun feidhme, i gcomhréir le hAirteagal 63;
(e)
bainistiú an Bhoird;
(f)
clár oibre bliantúil an Bhoird a chur chun feidhme;
(g)
dréacht den tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 45 a ullmhú, gach bliain, ina mbeidh roinn faoi ghníomhaíochtaí réitigh an Bhoird agus roinn faoi chúrsaí airgeadais agus riaracháin. Agus na cúraimí dá dtagraítear san Airteagal seo á bhfheidhmiú ag an gCathaoirleach, tabharfaidh foireann tiomnaithe cabhair dó. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|