4. Údaráis mhaoirseachta a thagann ar an gconclúid, tar éis dóibh measúnú a dhéanamh ar an bplean réamhghabhálach téarnaimh, go bhfuil easnaimh ábhartha sa phlean sin nó go bhfuil baic ábharacha ann ar a chur chun feidhme, tabharfaidh siad fógra don ghnóthas árachais nó athárachais lena mbaineann faoi ábhar a measúnaithe agus cuirfidh siad ceangal ar an ngnóthas lena mbaineann plean athbhreithnithe a chur isteach, laistigh de 2 mhí, lena léireofar cén dóigh a dtugtar aghaidh ar na heasnaimh nó ar na baic sin. Ar iarraidh ón ngnóthas lena mbaineann, féadfar síneadh aon mhí amháin a chur leis an tréimhse 2 mhí sin i gcás ina gcomhaontaíonn an t-údarás maoirseachta amhlaidh.
Sula gcuirfidh sé de cheangal ar ghnóthas árachais nó athárachais plean réamhghabhálach téarnaimh a chur isteach arís, tabharfaidh an t-údarás maoirseachta an deis don ghnóthas a thuairim a chur in iúl maidir leis an gceanglas sin.
An t-údarás maoirseachta a thugann faoi deara nár tugadh aghaidh ar na heasnaimh agus na baic go leordhóthanach sa phlean athbhreithnithe, féadfaidh sé a ordú don ghnóthas athruithe sonracha a dhéanamh ar an bplean.