4. Agus na roghanna á sonrú le haghaidh cur i bhfeidhm uirlisí agus cumhachtaí réitigh, cuirfear san áireamh i bpleananna réitigh cásanna réitigh ábhartha, lena n-áirítear an cás inar cliseadh neamhghnách é cliseadh an ghnóthais árachais nó athárachais agus an cás ina dtarlaíonn sé tráth éagobhsaíochta airgeadais níos leithne nó tráth teagmhas sistéamach.
Ní ghlacfar leis sna pleananna réitigh go mbeidh aon tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách ann seachas, i gcás ina bhfuil a leithéid ar fáil, scéimeanna ráthaíochta árachais nó aon socrú maoiniúcháin eile a úsáid.