+Airteagal 10 2
|
Airteagal 10 2
2. Déanfar sa phlean réitigh grúpa:
|
(a)
|
na gníomhaíochtaí réitigh a leagan amach a ghlacfar i leith gach eintitis ina mbeidh gá le bearta chun leanúnachas na bhfeidhmeanna criticiúla a áirithiú;
|
|
(b)
|
scrúdú a dhéanamh ar a mhéid a d’fhéadfaí na huirlisí réitigh a chur i bhfeidhm agus na cumhachtaí réitigh a fheidhmiú ar bhealach comhordaithe agus aon bhac féideartha ar réiteach comhordaithe a shainaithint;
|
|
(c)
|
i gcás ina gcuimsítear i ngrúpa eintitis a corpraíodh i dtríú tíortha, socruithe iomchuí a shainaithint le haghaidh comhar agus comhordú le húdaráis ábhartha na dtríú tíortha sin chomh maith leis na himpleachtaí maidir le réiteach laistigh den Aontas;
|
|
(d)
|
na bearta a shainaithint, lena n-airítear deighilt dhlíthiúil agus eacnamaíoch feidhmeanna nó línte gnó ar leith, is gá chun réiteach grúpa a éascú, agus idirthuilleamaíochtaí inghrúpa á gcur san áireamh;
|
|
(e)
|
foinsí cistiúcháin atá ar fáil a shainaithint chun na gníomhaíochtaí réitigh grúpa a mhaoiniú agus, i gcás ina mbeadh gá le scéimeanna ráthaíochta árachais nó le haon socrú maoiniúcháin a úsáid, prionsabail a leagan amach chun freagracht as an maoiniú sin a chomhroinnt idir foinsí cistiúcháin i mBallstáit dhifriúla, gan glacadh leis go mbeidh aon tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách ann;
|
|
(f)
|
na gnéithe a leagtar síos in Airteagal 9(6) a áireamh.
|
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|