+Airteagal 14 Measúnú ar inréiteacht le haghaidh grúpaí
---+Airteagal 14 1
---+Airteagal 14 2
---+Airteagal 14 3
---+Airteagal 14 4
---+Airteagal 14 5
|
Airteagal 14 Measúnú ar inréiteacht le haghaidh grúpaí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 14 1
|
1. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh údaráis réitigh ar ghrúpleibhéal, mar aon le húdaráis réitigh na bhfoghnóthas, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an maoirseoir grúpa agus le húdaráis mhaoirseachta na bhfoghnóthas sin, measúnú ar a mhéid is féidir grúpaí a réiteach gan glacadh leis go mbeadh aon tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách ann seachas, i gcás ina bhfuil a leithéid ar fáil agus infheidhme, scéimeanna ráthaíochta árachais nó aon socrú maoiniúcháin a úsáid.
|
|
Airteagal 14 2
|
2. Measfar gur féidir grúpa a réiteach i gcás ina bhfuil sé indéanta agus inchreidte ag na húdaráis réitigh grúpeintitis a fhoirceannadh de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta nó an grúpa sin a réiteach trí na huirlisí réitigh a chur i bhfeidhm agus na cumhachtaí réitigh a fheidhmiú maidir le grúpeintitis i gcás inar féidir iad a dheighilt go héasca agus go tráthúil, nó ar aon mhodh eile dá bhforáiltear faoin dlí náisiúnta.
Cuirfidh na coláistí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 70 an measúnú ar inréiteacht grúpa san áireamh agus a bhfeidhmeanna á gcur i gcrích acu.
|
|
Airteagal 14 3
|
3. I gcás ina gcinnfidh údarás réitigh go bhféadfadh gá a bheith le gníomhaíocht réitigh ar mhaithe le leas an phobail toisc nach gcomhlíonfadh foirceannadh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta na cuspóirí réitigh a mhéid céanna, rachaidh sé ar aghaidh go dtí na céimeanna leantacha seo a leanas:
|
(a)
|
gníomhaíochtaí réitigh tosaíochta is iomchuí a roghnú chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach i bhfianaise struchtúr agus shamhail ghnó an ghrúpa;
|
|
(b)
|
a mheas an bhfuil sé indéanta an ghníomhaíocht réitigh a roghnaíodh a chur i bhfeidhm go héifeachtach laistigh de thréimhse ama iomchuí agus baic a d’fhéadfadh a bheith ar a cur chun feidhme a shainaithint;
|
|
(c)
|
inchreidteacht na gníomhaíochta réitigh a roghnaíodh a mheasúnú, agus aird á tabhairt ar thionchar dóchúil an réitigh ar chórais airgeadais nó fíorgheilleagair na mBallstát nó an Aontais agus ar chosaint comhleasa sealbhóirí polasaí, tairbhithe agus éilitheoirí, d’fhonn leanúnachas feidhmeanna criticiúla a dhéanann an gnóthas árachais nó athárachais a áirithiú.
|
|
|
Airteagal 14 4
|
4. Déanfaidh údaráis réitigh ar ghrúpleibhéal an measúnú inréiteachta ar ghrúpaí an tráth céanna a dhéanfar na pleananna réitigh grúpa a tharraingt suas agus a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir le hAirteagal 10, agus chun na gcríoch sin. Déanfar an measúnú faoin nós imeachta cinnteoireachta a leagtar síos in Airteagal 11. Agus an measúnú dá dtagraítear i mír 1 á dhéanamh acu, scrúdóidh na húdaráis réitigh ar ghrúpleibhéal na gnéithe inréiteachta a shonraítear san Iarscríbhinn, agus sin ar a laghad.
|
|
Airteagal 14 5
|
5. Chun críocha an mheasúnaithe ar inréiteacht, féadfaidh an t-údarás réitigh ar ghrúpleibhéal iarraidh ar na grúpeintitis an fhaisnéis uile is gá a sholáthar.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|