2. Measfar gur féidir grúpa a réiteach i gcás ina bhfuil sé indéanta agus inchreidte ag na húdaráis réitigh grúpeintitis a fhoirceannadh de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta nó an grúpa sin a réiteach trí na huirlisí réitigh a chur i bhfeidhm agus na cumhachtaí réitigh a fheidhmiú maidir le grúpeintitis i gcás inar féidir iad a dheighilt go héasca agus go tráthúil, nó ar aon mhodh eile dá bhforáiltear faoin dlí náisiúnta.
Cuirfidh na coláistí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 70 an measúnú ar inréiteacht grúpa san áireamh agus a bhfeidhmeanna á gcur i gcrích acu.