+Airteagal 15 Cumhacht chun aghaidh a thabhairt ar bhaic ar inréiteacht nó chun iad a bhaint
---+Airteagal 15 1
---+Airteagal 15 2
---+Airteagal 15 3
---+Airteagal 15 4
---+Airteagal 15 5
---+Airteagal 15 6
---+Airteagal 15 7
---+Airteagal 15 8
|
Airteagal 15 Cumhacht chun aghaidh a thabhairt ar bhaic ar inréiteacht nó chun iad a bhaint
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 15 1
|
1. I gcás ina léirítear leis an measúnú a chuirtear i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 13 nó 14 go bhfuil baic shubstainteacha ann ar inréiteacht gnóthais árachais nó athárachais, áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh an t-údarás réitigh fógra i scríbhinn faoi sin don ghnóthas árachais nó athárachais sin agus don údarás maoirseachta lena mbaineann.
|
|
Airteagal 15 2
|
2. An ceanglas a bhíonn ar údaráis réitigh pleananna réitigh a tharraingt suas agus an ceanglas a bhíonn ar na húdaráis réitigh ábhartha cinneadh comhpháirteach a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 17 maidir le pleananna réitigh grúpa dá dtagraítear in Airteagal 9(1) agus Airteagal 11(4) faoi seach, cuirfear ar fionraí iad tar éis an fhógra dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo go dtí go nglacfaidh an t-údarás réitigh leis na bearta chun na baic shubstainteacha ar inréiteacht a bhaint de bhun mhír 3 den Airteagal seo nó go dtí go ndéanfar cinneadh ina leith de bhun mhír 4 den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 15 3
|
3. Laistigh de 4 mhí ón dáta a gheofar fógra dá dtagraítear i mír 1, molfaidh an gnóthas árachais nó athárachais bearta féideartha don údarás réitigh chun aghaidh a thabhairt ar na baic shubstainteacha a shainaithnítear san fhógra nó chun iad a bhaint.
Cuirfear san áireamh san amlíne faoina gcuirfear chun feidhme na bearta sin arna moladh ag an ngnóthas na cúiseanna atá leis na baic shubstainteacha.
Déanfaidh an t-údarás réitigh, tar éis dul i gcomhairle leis an údarás maoirseachta, measúnú ar cé acu a thugtar aghaidh go héifeachtach, leis na bearta sin, ar an mbac substainteach nó nach dtugtar, nó cé acu a bhaintear na baic shubstainteacha nó nach mbaintear.
|
|
Airteagal 15 4
|
4. Údaráis réitigh a thugann faoi deara nach ndéanann na bearta arna moladh ag an ngnóthas árachais nó athárachais i gcomhréir le mír 3 laghdú éifeachtach ar an mbac lena mbaineann, ná nach ndéanann siad an bac sin a bhaint, cuirfidh siad de cheangal, go díreach, nó go hindíreach tríd an údarás maoirseachta, ar an ngnóthas árachais nó athárachais aon cheann de na bearta malartacha a leagtar amach i mír 5 a ghlacadh, agus fógra faoi na bearta sin a thabhairt i scríbhinn don ghnóthas sin, ar gnóthas é a mholfaidh plean chun na ceanglais sin a chomhlíonadh laistigh de mhí amháin tar éis dó an fógra sin a fháil.
Agus bearta malartacha á sainaithint ag údaráis réitigh, léireoidh siad cad ina thaobh nach mbeadh na bearta a mhol an gnóthas árachais nó athárachais in ann na baic ar inréiteacht a bhaint agus an dóigh a bhfuil na bearta malartacha a moladh comhréireach chun na baic sin a bhaint. Cuirfidh údaráis réitigh san áireamh an éifeacht a bheidh ag na bearta ar ghnó an ghnóthais árachais nó athárachais, ar a chobhsaíocht agus ar a chumas rannchuidiú leis an ngeilleagar.
|
|
Airteagal 15 5
|
5. Chun críocha mhír 4, beidh sé de chumhacht ag údaráis réitigh aon cheann de na bearta malartacha seo a leanas, ar a laghad, a dhéanamh:
|
(a)
|
ceangal a chur ar an ngnóthas árachais nó athárachais athbhreithniú a dhéanamh ar aon chomhaontú airgeadais inghrúpa nó athbhreithniú a dhéanamh ar aon chomhaontú airgeadais inghrúpa a bheith in easnamh, nó comhaontuithe seirbhíse a tharraingt suas, bídís sin ina gcomhaontuithe inghrúpa nó le tríú páirtithe;
|
|
(b)
|
ceangal a chur ar an ngnóthas árachais nó athárachais a neamhchosaintí uasta aonair agus comhiomlána a theorannú;
|
|
(c)
|
ceanglais faisnéise shonracha nó thráthrialta bhreise atá ábhartha chun críoch réitigh a fhorchur;
|
|
(d)
|
ceangal a chur ar an ngnóthas árachais nó athárachais sócmhainní sonracha a dhífheistiú nó dliteanais a athstruchtúrú;
|
|
(e)
|
ceangal a chur ar an ngnóthas árachais nó athárachais gníomhaíochtaí sonracha atá ann cheana nó atá beartaithe a theorannú nó scor díobh;
|
|
(f)
|
srian nó toirmeasc a chur ar fhorbairt línte gnó nua nó línte gnó atá ann cheana nó díol táirgí nua nó táirgí atá ann cheana;
|
|
(g)
|
ceangal a chur ar an ngnóthas árachais nó athárachais an straitéis athárachais a athrú;
|
|
(h)
|
athruithe ar struchtúir dhlíthiúla nó oibríochta an ghnóthais árachais nó athárachais nó aon ghrúpeintitis, atá á rialú aige go díreach nó go hindíreach, a cheangal ionas go laghdófar castacht chun a áirithiú go bhféadfar na feidhmeanna criticiúla a dheighilt go dlíthiúil agus go hoibríochtúil ó fheidhmeanna eile trí na huirlisí réitigh a chur i bhfeidhm;
|
|
(i)
|
ceangal a chur ar an ngnóthas árachais nó athárachais nó ar mháthairghnóthas máthairchuideachta sealbhaíochta árachais i mBallstát nó máthairchuideachta sealbhaíochta árachais de chuid an Aontais a chur ar bun;
|
|
(j)
|
i gcás ina bhfuil an gnóthas árachais nó athárachais ina fhoghnóthas de chuideachta sealbhaíochta árachais atá ag plé le gníomhaíochtaí measctha, ceangal a chur ar an gcuideachta sealbhaíochta árachais atá ag plé le gníomhaíochtaí measctha cuideachta sealbhaíochta airgeadais ar leith a chur ar bun chun an gnóthas árachais nó athárachais a rialú, i gcás inar gá chun réiteach an ghnóthais árachais nó athárachais a éascú agus chun tionchar díobhálach chur i bhfeidhm na n-uirlisí réitigh agus fheidhmiú na gcumhachtaí réitigh a sheachaint ar an gcuid neamhairgeadais den ghrúpa.
|
|
|
Airteagal 15 6
|
6. Sula ndéanfar aon bheart malartach dá dtagraítear i mír 5 a shainaithint, déanfaidh an t-údarás réitigh, tar éis dul i gcomhairle leis an údarás maoirseachta, breithniú cuí ar an éifeacht a d’fhéadfadh a bheith ag an mbeart sin ar fhóntacht agus cobhsaíocht ghnó leanúnach an ghnóthais árachais agus athárachais áirithe sin agus ar an margadh inmheánach.
|
|
Airteagal 15 7
|
7. Maidir le fógra nó le cinneadh arna dhéanamh de bhun mhír 1 nó 4:
|
(a)
|
áireofar ann na cúiseanna leis an measúnú nó leis an gcinneadh i gceist;
|
|
(b)
|
beidh sé faoi réir ceart achomhairc.
|
Thairis sin, léireofar an dóigh a gcomhlíonann cinneadh a rinneadh de bhun mhír 4 an ceanglas maidir le cur i bhfeidhm comhréireach a leagtar síos i mír 4, an dara fomhír.
|
|
Airteagal 15 8
|
8. Eiseoidh EIOPA treoirlínte, faoin 29 Iúil 2027, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 chun tuilleadh sonraí ar na bearta dá bhforáiltear i mír 5 den Airteagal seo a shonrú, mar aon leis na himthosca ina bhféadfar gach beart a chur i bhfeidhm.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|