9. Le cuspóirí gléas bainistíochta sócmhainní agus dliteanas, ní thabharfar le tuiscint aon dualgas ná freagracht ar scairshealbhóirí ná ar chreidiúnaithe an ghnóthais faoi réiteach. Ní bheidh baill an chomhlachta riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta ná baill na bainistíochta sinsearaí de chuid an ghléis bainistíochta sócmhainní agus dliteanas faoi dhliteanas na scairshealbhóirí ná na gcreidiúnaithe sin i leith gníomhartha nó neamhghníomhartha agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu, ach amháin i gcás ina raibh baint ag mórfhaillí nó mí-iompar tromchúiseach faoin dlí náisiúnta ag gníomhartha nó neamhghníomhartha den sórt sin lena ndearnadh difear díreach do chearta na scairshealbhóirí nó na gcreidiúnaithe sin.
Féadfaidh na Ballstáit teorainn bhreise a chur le dliteanas gléas bainistíochta sócmhainní agus dliteanas, agus le dliteanas bhaill a chomhlachta riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta nó le baill a bhainistíochta sinsearaí i leith gníomhartha agus neamhghníomhartha agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu.