4. Tar éis do na húdaráis réitigh an uirlis gnóthais idirlinne a chur i bhfeidhm, féadfaidh siad na haistrithe a cuireadh i gcrích a chur ar ais, i gcás ina bhfágfaidh na himthosca go bhfuil bonn cirt leis sin a dhéanamh, agus maidir le haon sócmhainn, ceart nó dliteanas a aistríodh, nó scaireanna nó ionstraimí úinéireachta eile, beidh sé d’oibleagáid ar an ngnóthas faoi réiteach nó ar na húinéirí bunaidh iad a thógáil ar ais, i gcás ina bhfágfaidh imthosca an cháis go bhfuil bonn cirt leis sin a dhéanamh, in aon cheann de na cásanna seo a leanas:
|
(a)
|
luafar go sainráite san ionstraim lena ndearnadh an t-aistriú go bhféadfaí na scaireanna sonracha nó na hionstraimí úinéireachta eile, na sócmhainní, na cearta nó na dliteanais a aistriú ar ais;
|
|
(b)
|
ní thiocfaidh na scaireanna sonracha nó na hionstraimí úinéireachta eile, na sócmhainní, na cearta nó na dliteanais faoi réim na n-aicmí, nó ní chomhlíonann siad na coinníollacha chun aistriú a dhéanamh ar scaireanna nó ionstraimí úinéireachta eile, sócmhainní, cearta nó dliteanais arna sonrú san ionstraim lena ndearnadh an t-aistriú.
|
Féadfar aistriú ar ais dá dtagraítear sa chéad fhomhír a dhéanamh laistigh d’aon tréimhse, agus comhlíonfaidh sé aon choinníoll eile a luaitear san ionstraim lena ndearnadh an t-aistriú.