2. Cuirfidh an t-údarás réitigh na cúraimí uile riaracháin agus nós imeachta is gá i gcrích nó déanfaidh sé a cheangal iad a chur i gcrích chun éifeacht a thabhairt do chur i bhfeidhm na huirlise díluachála nó comhshó, lena n-áirítear:
|
(a)
|
gach clár lena mbaineann a leasú;
|
|
(b)
|
scaireanna nó ionstraimí úinéireachta eile nó ionstraimí fiachais a dhíliostú nó a bhaint ó thrádáil;
|
|
(c)
|
scaireanna nua nó ionstraimí úinéireachta eile a liostú nó a ligean chun a dtrádála;
|
|
(d)
|
aon ionstraim fiachais a bhfuil díluacháil déanta orthu a athliostú nó a athligean isteach chun a dtrádála, gan a bheith de dhualgas orthu réamheolaire a eisiúint de réir mar a cheanglaítear le Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21).
|