+Airteagal 42 Cumhachtaí ginearálta
---+Airteagal 42 1
---+Airteagal 42 2
---+Airteagal 42 3
---+Airteagal 42 4
---+Airteagal 42 5
|
Airteagal 42 Cumhachtaí ginearálta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 42 1
|
1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na cumhachtaí uile is gá ag na húdaráis réitigh chun uirlisí réitigh a chur i bhfeidhm ar na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e), agus a chomhlíonann na coinníollacha maidir le réiteach a leagtar síos in Airteagal 19(1) nó 20(3), de réir mar is infheidhme. Go háirithe, beidh na cumhachtaí réitigh seo a leanas ag údaráis réitigh, cumhachtaí a fhéadfaidh siad a fheidhmiú ina n-aonair nó i dteaglaim ar bith:
|
(a)
|
an chumhacht chun a cheangal ar aon duine aon fhaisnéis a sholáthar a bheidh de dhíth ar an údarás réitigh chun cinneadh a dhéanamh maidir le gníomhaíocht réitigh agus í a ullmhú, lena n-áirítear nuashonruithe agus forlíontaí maidir le faisnéis arna cur ar fáil sna pleananna réitigh agus lena n-áirítear faisnéis atá le soláthar trí chigireachtaí ar an láithreán;
|
|
(b)
|
an chumhacht chun stiúir a ghlacadh ar ghnóthas faoi réiteach agus chun na cearta agus na cumhachtaí uile a thugtar do na scairshealbhóirí, úinéirí eile agus comhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta an ghnóthais faoi réiteach a fheidhmiú;
|
|
(c)
|
an chumhacht toirmeasc a chur ar ghnó árachais nó athárachais nua a fhrithghealladh agus gnóthas a chur faoi réiteach i nós imeachta um leachtú sócmhainneach ordúil agus a ghníomhaíochtaí a fhoirceannadh;
|
|
(d)
|
an chumhacht gnóthas idirlinne a údarú arna bhunú agus arna údarú gan Treoir 2009/138/CE a chomhlíonadh le linn na tréimhse giorra dá dtagraítear in Airteagal 33(1), an dara fomhír, den Treoir seo, chun gnó árachais nó athárachais nua a fhrithghealladh, nó chun gnó atá ann cheana a athnuachan;
|
|
(e)
|
an chumhacht chun scaireanna nó ionstraimí úinéireachta eile a d’eisigh gnóthas faoi réiteach a aistriú;
|
|
(f)
|
an chumhacht chun cearta, sócmhainní nó dliteanais gnóthais faoi réiteach a aistriú chuig eintiteas eile, le toiliú an eintitis sin;
|
|
(g)
|
an chumhacht chun éilimh árachais a athstruchtúrú nó príomhshuim nó méid gan íoc atá dlite i ndáil le hionstraimí fiachais agus le dliteanais incháilithe, lena n-áirítear éilimh árachais, gnóthais faoi réiteach a laghdú, lena n-áirítear an phríomhshuim nó an méid sin a laghdú go nialas;
|
|
(h)
|
an chumhacht chun ionstraimí fiachais agus dliteanais incháilithe, lena n-áirítear éilimh árachais, gnóthais faoi réiteach a chomhshó mar ghnáthscaireanna nó mar ionstraimí úinéireachta eile eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e), de mháthairghnóthas ábhartha nó de ghnóthas idirlinne ar chucu a aistrítear sócmhainní, cearta nó dliteanais an eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e);
|
|
(i)
|
an chumhacht chun ionstraimí fiachais a d’eisigh gnóthas faoi réiteach a chealú, cé is moite de dhliteanais urraithe faoi réir Airteagal 35(5);
|
|
(j)
|
an chumhacht chun laghdú a dhéanamh, lena n-áirítear laghdú go nialas, ar mhéid ainmniúil scaireanna nó ionstraimí úinéireachta eile de chuid gnóthas faoi réiteach agus na scaireanna sin nó ionstraimí úinéireachta eile a chealú;
|
|
(k)
|
an chumhacht chun a cheangal ar ghnóthas faoi réiteach nó ar mháthairghnóthas ábhartha scaireanna nua nó ionstraimí úinéireachta eile nó ionstraimí caipitil eile a eisiúint, lena n-áirítear scaireanna tosaíochta agus ionstraimí in-chomhshóite teagmhasacha;
|
|
(l)
|
an chumhacht chun aibíocht na n-ionstraimí fiachais agus na ndliteanas incháilithe eile a d’eisigh gnóthas faoi réiteach a leasú nó a athrú nó chun an méid úis atá iníoctha faoi na hionstraimí sin agus dliteanais incháilithe eile a leasú, nó an dáta a thagann an t-ús chun bheith iníoctha a leasú, lena n-áirítear tríd an íocaíocht a chur ar fionraí ar feadh tréimhse shealadach;
|
|
(m)
|
an chumhacht chun conarthaí airgeadais nó díorthaigh a dhúnadh agus a fhoirceannadh;
|
|
(n)
|
an chumhacht chun comhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta agus bainistíocht shinsearach gnóthais faoi réiteach a bhaint nó a ionadú;
|
|
(o)
|
an chumhacht chun a cheangal ar an údarás maoirseachta ceannaitheoir sealúchais cháilithigh a mheasúnú go tráthúil de mhaolú ar na teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 58 de Threoir 2009/138/CE;
|
|
|
Airteagal 42 2
|
2. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na bearta arna ndéanamh ag an údarás maoirseachta a fhoirceannadh, sa chás go gcuirfí bac ar uirlisí réitigh a úsáid dá leanfaí leo.
|
|
Airteagal 42 3
|
3. Déanfaidh na Ballstáit na bearta uile is gá chun a áirithiú, le linn na huirlisí réitigh a chur i bhfeidhm agus cumhachtaí réitigh a fheidhmiú, nach mbeidh na húdaráis réitigh faoi réir aon cheann de na ceanglais seo a leanas a mbeadh feidhm acu ar shlí eile de bhua an dlí náisiúnta nó conartha nó ar shlí eile:
|
(a)
|
faoi réir Airteagal 3(8) agus Airteagal 67(1), ceanglais maidir le formheas nó toiliú a fháil ó aon duine poiblí nó príobháideach, lena n-áirítear na scairshealbhóirí, na creidiúnaithe nó sealbhóirí polasaí an ghnóthais faoi réiteach;
|
|
(b)
|
roimh fheidhmiú na cumhachta, ceanglais nós imeachta maidir le fógra a thabhairt d’aon duine, lena n-áirítear aon cheanglas maidir le haon fhógra nó réamheolaire a fhoilsiú nó maidir le haon doiciméad a chomhdú nó a chlárú le haon údarás eile.
|
Tá pointe (b) den chéad fhomhír gan dochar do na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 63 agus 65 agus d’aon cheanglas fógra faoi chreat Státchabhrach an Aontais.
|
|
Airteagal 42 4
|
4. Áiritheoidh na Ballstáit, a mhéid nach bhfuil aon cheann de na cumhachtaí a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo infheidhme maidir le heintiteas faoi raon feidhme Airteagal 1(1) de thoradh a fhoirme dlí sonraí maidir le gnóthas frithpháirteach nó comharchumann, go mbeidh cumhachtaí ag na húdaráis réitigh atá chomh cosúil agus is féidir leo sin a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo, lena n-áirítear i dtéarmaí a n-éifeachtaí.
|
|
Airteagal 42 5
|
5. Áiritheoidh na Ballstáit, le linn do na húdaráis réitigh na cumhachtaí a leagtar síos i mír 4 a fheidhmiú, go bhfuil na coimircí dá bhforáiltear i gCaibidil V den Treoir seo, nó coimircí a bhfuil an éifeacht chéanna leo, á gcur i bhfeidhm maidir leis na daoine dá ndéantar difear, lena n-áirítear scairshealbhóirí, creidiúnaithe, sealbhóirí polasaí agus contrapháirtithe.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|