3. Áiritheoidh na Ballstáit maidir le scairshealbhóirí, le creidiúnaithe agus le tríú páirtithe dá ndéantar difear le haistriú scaireanna, ionstraimí úinéireachta eile, sócmhainní, ceart nó dliteanas dá dtagraítear i mír 1, nach mbeidh siad i dteideal an t-aistriú a chosc, agóid a dhéanamh ina choinne nó é a chur i leataobh faoi aon fhoráil de dhlí an Bhallstáit ina bhfuil na sócmhainní lonnaithe nó den dlí lena rialáiltear na scaireanna, na hionstraimí úinéireachta eile, na cearta nó na dliteanais.