5. I gcás ina bhfeidhmíonn údarás réitigh an chumhacht a shonraítear i mír 1 nó 2 den Airteagal seo chun cearta chun foirceanta a chur ar fionraí, agus i gcás nach mbeidh aon fhógra tugtha de bhun mhír 4 den Airteagal seo, féadfar na cearta foirceanta sin a fheidhmiú ar dhul in éag na tréimhse fionraí, faoi réir Airteagal 48, mar a leanas:
|
(a)
|
i gcás ina mbeidh na cearta agus na dliteanais arna gcumhdach faoin gconradh aistrithe chuig eintiteas eile, ní fhéadfaidh contrapháirtí na cearta chun foirceanta sin a fheidhmiú i gcomhréir le téarmaí an chonartha sin ach amháin i gcás aon teagmhas forfheidhmiúcháin leanúnach nó iardain de chuid an fhaighteora;
|
|
(b)
|
i gcás ina bhfanann na cearta agus na dliteanais arna gcumhdach leis an gconradh leis an ngnóthas faoi réiteach agus mura mbeidh an uirlis díluachála nó chomhshó curtha i bhfeidhm ag an údarás réitigh ar an gconradh sin chun na críche a leagtar síos in Airteagal 35(1), pointe (a), féadfaidh contrapháirtí cearta chun foirceanta a fheidhmiú i gcomhréir le téarmaí an chonartha sin ar dhul in éag fionraíochta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.
|